Láthair
Cuspóirí Criosaithe (word .doc, 160 kbs) Caithfear na Cuspóirí Criosaithe agus an Maitris Chriosaithe d’Úsáid Talún a úsáid nuair atá tú ag féachaint ar chriosú lonnaíochta faoi leith.

Seirbhísí
Tá bunús seirbhíse Chill Mhíodáin tar éis méadú go mór thar tréimhse an phlean, agus i measc na seirbhísí tá dhá shiopa le seirbhís phoist agus Banklink san áireamh, ionad athchúrsála, go-cartáil, clinic BSOD agus tigh tábhairne. Tá roinnt deiseanna fostaíochta sa cheantar, agus tá méadú agus forbairt tagtha ar chomhlachtaí chomh maith.

Bonneagar
Tá Cill Mhíodán ceangailte leis an Scéim Sholáthair Uisce do Réigiún Oirthear Phort Láirge. Faoi láthair soláthraítear uisce ó Bhaile Adáim agus níl aon fhadhb le méadú chun áis a thabhairt d’fhorbairtí breise.

Tá gá le h-uasghrádú a dhéanamh ar an gcóras séarachais i gCill Mhíodán.   Tá moltaí dhaingean chun an córas cóireála fuíoll-uisce a h-uasghrádú mar pháirt do Scéim Sheacht Sráidbhaile Chontae Phort Láirge, agus tá tógáil le tosú go luath i 2007.

Beidh aon shrian maidir le forbairt ceangailte leis an easnamh bonneagair mar atá curtha in iúl thuas, agus beidh ar mholtaí fhorbartha déileáil le seo in aon iarratas, chomh maith leis an Údarás Pleanála a shásamh maidir leis na caighdeáin d’fhorbairtí nua de réir Ranna 9.2.

Caithfear aon mholadh mar seo a phlé le Roinn Seirbhísí Sláintíochta Chomhairle Contae Phort Láirge sar a ndeanfaí iarratas pleanála.

Straitéis Fhorbartha
Tá suíomh straitéiseach ag Cill Mhíodán, suite cóngarach do ‘Gheata’ Cathair Phort Láirge, agus lócas seachród na Cathrach (N25).  Tá talamh breise á chur ar fáil i gcomhair úsáid trádálacha tionsclaíocht éadrom, in aitheantas do chumas an bhaile chun glacadh le forbairt. 

Táthar ag súil go mbeidh Cill Mhíodán ag gníomhú mar fhríth-mhaighnéad d’fhorbairtí a bheadh ag cúngú an chrios ghlais timpeall na cathrach ar chuma eile.

Tá an-chuid talún criosaithe i gcomhair úsáide Spáis Oscailte. Tá sé seo chun a chinntiú go bhfuil an talamh íseal, nach féidir a fhorbairt, agus an pháirc spóirt, cosanta mar spás oscailte. Cinnteoidh sé seo nach mbeidh aon fhorbairt ar an dtalamh agus go mbeidh sé úsáidte mar spás oscailte agus i gcomhair caithimh aimsire de gach saghas.

wai-aa Valid CSS! Valid XHTML 1.0 Transitional browsealoud_logo
Excellence through Accessibility Committed Award Privacy Logo Sitemap Logo Share/Bookmark
Add | Edit