Tá lonnaíocht Chill Rosanta suite 18 ciliméadar soir ó thuaidh ó Dhún Garbhán agus 2.5 ciliméadar siar ó thuaidh ó Léim Uí Bhriain . Tá sé tréithrithe ag líne forbartha conláisteach, a téann ón scoil ar an dtaobh thoir-thuaidh go dtí an ngort in aice an tséipéil ag an dtaobh thiar theas. Tá forbairt ar an dá thaobh den bhóthair chontae a ghabhann tríd.  Íoslódáil Léarscáil Cill Rosanta (409kbs) agus íoslódáil chomh maith na leathanaigh a bhaineann le Cuspóirí Criosaithe (word .doc, 160 kbs) Caithfear na Cuspóirí Criosaithe agus an Maitris Chriosaithe d’Úsáid Talún a úsáid nuair atá tú ag féachaint ar chriosú lonnaíochta faoi leith.

Tugann na crainn aibí, claí/fallaí cloiche agus cúlra na Comaraigh timpeallacht d’ard-chaighdeán dúinn.

Seirbhísí
Tá scoil náisiúnta, séipéal, tigh tábhairne agus gnó seirbhísí talmhaíochta sa lonnaíocht. Tá halla Naomh Bríd lasmuigh den lonnaíocht, amuigh faoin dtuath i dtreo an oirthuaiscirt. Tá seirbhísí comónta eile ar fáil i Léim Uí Bhriain nó i nDún Garbhán.

Bonneagar
Tá lonnaíocht Chill Rosanta ag fáil uisce ó thobar tollta poiblí. Níl an soláthar seo ach sásúil i gcomhair an daonra áitiúil teoranta faoi láthair.

Níl córas cóireála fuíoll-uisce comhchoiteann ag Cill Rosanta agus tá sé suite in áit atá an-shoghonta do thruailliú screamh-uisce, agus lastuas d’uiscíoch atá tábhachtach don réigiún. Beidh sé riachtanach sa todhchaí, go mbeidh moltaí i gcomhair cóireáil fuíoll-uisce inchothaithe i ngach iarratas chun eastát tithíochta a thógáil. Caithfear aon mholadh mar seo a phlé leis an Roinn Seirbhísí Sláintíochta sa Chomhairle sar a gcuirfí iarratas pleanála faoin a mbráid.

Beidh an chomhairle ag iarraidh d’fhorbróirí atá ag teacht a spreagadh chun dul isteach i gcomhaontacht páirtíochta chun an bonneagar atá riachtanach chun forbairt na n-eastát seo a chur ar fáil

Straitéis Fhorbartha
Tá an straitéis fhorbartha i gcomhair Chill Rosanta mar a chuirtear in iúl sa Léarscáil Criosaithe d’Úsáid Talún. Úsáidfear polasaithe agus spriocanna na gCaighdeán Forbartha, mar atá léirithe i gCaibidil 9, mar threoirlínte chun moltaí forbartha a chur ar eolas.
 
Chun a bheith cinnte go bhfuil an lonnaíocht cosanta ó fhorbairt de scála mí-oiriúnach, beidh sé riachtanach go mbeidh na scéimeanna seo fite fuaite le cumas an phobail chun an fhorbairt a chomhshlánú.

wai-aa Valid CSS! Valid XHTML 1.0 Transitional browsealoud_logo
Excellence through Accessibility Committed Award Privacy Logo Sitemap Logo Share/Bookmark
Add | Edit