Láthair
Tá Clais Mhór suite timpeall 15 mhíle ó Dhún Garbhán agus 8 míle ó Eochaill i gContae Chorcaí.  Íoslódáil Léarscáil Clais Mhór (409 kbs) Anseo agus íoslódáil chomh maith na leathanaigh a bhaineann le Cuspóirí Criosaithe (word .doc, 160 kbs) .  Caithfear na Cuspóirí Criosaithe agus an Maitris Chriosaithe d’Úsáid Talún a úsáid nuair atá tú ag féachaint ar chriosú lonnaíochta faoi leith.

Seirbhísí
Tá raon maith seirbhísí agus áiseanna ag an gClais Mhór le freastal ar riachtanais an phobail áitiúil agus an cheantair máguaird.

Bonneagar
Tá soláthar neamhspleách uisce ag an gClais Mhór.  Beidh córas nua cóiríthe fuíoll-uisce ag feidhmiú go déanach i 2005, faoin gCóras ‘Seirbhís um Sheirbís Talún (SST)’.

Straitéis Fhorbartha
Deineadh go leor forbartha tithíochta sa Chlais Mhór le linn na tréimhse Pleanála deirigh, go háirithe i gceantar Bhaile na hAoine ó dheas ón sráidbhaile. Léirítear an limistéar criosaithe ar an Léarscáil iniata. Tá go leor talún criosaithe d’fhorbairt thithíochta do chuid mhaith den am atá le teacht. Tá sé tábhachtach go mbeidh an fhorbairt thithíochta tomhasta go maith ó thaobh an phobail atá ann cheana féin de, agus go mbeidh dlús na forbartha leochailleach don tithíocht atá ann agus gan é a chur ó chothrom.

Is é polasaí an Údaráis Pleanála go gceanglófaí aon fhorbairt ar an suíomh seo leis an gcóras séarachais poiblí.

Tá sé i gceist bruach na h-abhann a choiméad saor le h-áis do shiúlóidí a dhéanamh de. Ní cheadaítear aon fhorbairt ar thalamh atá criosaithe d’úsáid chónaitheach soir ó Dhroichead na Claise Móire agus ar imeall an luasteorainn, ach amháin nuair a bheidh séarachas ar fáil ón sainmheáchain agus nuair a bheidh bealach isteach curtha ar fáil go dtí an talamh ar chúl.
 
 

wai-aa Valid CSS! Valid XHTML 1.0 Transitional browsealoud_logo Share/Bookmark
Add | Edit