Láthair
Tá Cluain Fhia Paorach suite timpeall 8 gciliméadar ó Charraig na Siúire agus timpeall 30 ciliméadar ó Dhún Garbhán.  Is forbairt líneach don chuid is mó atá i gCluain Fhia-Paorach i láthair na huaire taobh amuigh d’eastát atá suite ar a bhruach thiar.  Íoslódáil Léarscáil Cluain Fhia Paorach (443 kbs) Anseo agus íoslódáil chomh maith na leathanaigh a bhaineann le  Cuspóirí Criosaithe (word .doc, 160 kbs) . Caithfear na Cuspóirí Criosaithe agus an Maitris Chriosaithe d’Úsáid Talún a úsáid nuair atá tú ag féachaint ar chriosú lonnaíochta faoi leith.

Seirbhísí
Is iad na bun-sheirbhísí atá ag pobal Chluain Fhia Paorach ná ionad sláinte, club C.L.G., bunscoil, halla an bhaile, siopa, suíomh d’áiseanna pobal agus tigh tábhairne.

Bonneagar
Tá soláthar uisce poiblí ag Cluain Fhia-Paorach atá maith go leor dos na riachtanais atá ann i láthair na huaire. Tá córas cóireála séarachais poiblí ag an sráidbhaile chomh maith. Níl ach acmhainn teoranta ag an soláthar uisce agus ag an gcóras séarachais agus caithfear iad a fheabhsú sa todhchaí.

Straitéis Forbartha
Léirítear an straitéis fhorbartha do Chluain Fhia-Paorach ar an Léarscáil Criosaithe d’Úsáid Talún.  Úsáidfear polasaithe agus aidhmeanna na gCaighdeáin Fhorbartha, mar atá léirithe i gCaibidil 9, mar threoir do mholtaí forbartha.

I dtreo nach mbeidh na céimeanna ag a dtógfar na tithe mí-oiriúnach don lonnaíocht, déanfaidh an Chomhairle a chinntiú go gcuirfí na scéimeanna seo isteach diaidh ar ndiaidh sa tslí is gur féidir leis an bpobal iad a chomhshamhlú.
 

wai-aa Valid CSS! Valid XHTML 1.0 Transitional browsealoud_logo
Excellence through Accessibility Committed Award Privacy Logo Sitemap Logo Share/Bookmark
Add | Edit