Láthair
Tá Cnoc an Óir suite timpeall 14 chiliméadar soir ó dheas ó Thulach an Iarainn agus 17 gciliméadar soir ó thuaidh ón gClais Mór. Tá an lonnaíocht suite ar bhóthar álainn ainmnithe. Íoslódáil Léarscáil Cnoc an Óir (409kbs) agus íoslódáil chomh maith na leathanaigh a bhaineann le
Cuspóirí Criosaithe (word .doc, 160 kbs)
(160 kbs) Caithfear na Cuspóirí Criosaithe agus an Maitris Chriosaithe d’Úsáid Talún a úsáid nuair atá tú ag féachaint ar chriosú lonnaíochta faoi leith.
Seirbhísí
I measc an bhunúis seirbhíse agus áiseanna pobal tá scoil, séipéal, ionad sláinte agus tigh tábhairne. Tá páirceanna imeartha C.L.G ar an dtaobh thoir-thuaidh don tsráidbhaile.
Bonneagar
Níl córas cóireála fuíoll-uisce ag an sráidbhaile, agus níl uisce á phíobáil go dtí an áit chriosaithe go léir. Beidh sé riachtanach sa todhchaí, go mbeidh moltaí i gcomhair cóireáil fuíoll-uisce inbhuanaithe agus soláthar uisce sásúil i ngach iarratas pleanála.
Caithfear aon mholadh mar seo a phlé le Roinn Seirbhísí Sláintíochta Chomhairle Contae Phort Láirge roimh iarratas pleanála a dhéanamh
Straitéis Fhorbartha
Tá banc talaimh mór criosaithe i gcomhair forbartha (féach an léarscáil). Beidh aon shrian maidir le forbairt ceangailte leis an easnamh bonneagar mar atá curtha in iúl thuas, agus beidh ar mholtaí forbartha déileáil le seo in aon iarratais, chomh maith leis an Údarás Pleanála a shásamh maidir leis na caighdeáin d’fhorbairtí nua de réir Ranna 9.2.