Láthair
Tá baile Choill Mhic Thomáisín rangaithe mar Ionad Seirbhíse Dúiche Phort Láirge, toisc an suíomh straitéiseach atá aige cóngarach don N25 (15 mhíle ó Dhún Garbhán) agus 15 mhíle ó Phort Láirge, agus na deiseanna fostaíochta atá ar fáil ann. Is baile in-aimsithe é Coill Mhic Thomaisín, (ag úsáid modhanna príobháideacha agus poiblí) in oirthear Phort Láirge, agus tá réimse leathan seirbhísí ar fáil ann ar nós ollmhargadh, cógaslann, siopa crua-earraí, dhá bhanc agus oifig an phoist. Tá stáisiún dóiteán, stáisiún na nGardaí agus íoclann ann chomh maith. Tá áiseanna pobal ann ar nós meánscoil, halla an pharóiste agus páirc imeartha. Íoslódáil Léarscáil Coill Mhic Thomáisín agus íoslódáil chomh maith na leathanaigh a bhaineann le
Cuspóirí Criosaithe (word .doc, 160 kbs)
Caithfear na Cuspóirí Criosaithe agus an Maitris Chriosaithe d’Úsáid Talún a úsáid nuair atá tú ag féachaint ar chriosú lonnaíochta faoi leith.
Bonneagar
Tá seirbhís bhóithre mhaith ag an mbaile, suite in aice an N25, ceanglaíonn sé Carraig na Siúire leis an mbealach Réigiúnach R677. Beidh gléasra chóireála fuíoll-uisce nua curtha ar fáil don bhaile faoi Scéim an tSeacht mBaile, agus tosóidh an tógáil go luath i 2007. Tá an soláthar uisce teoranta, ach méadaíodh é le déanaí trí thobar tollta, do shuíomh Tithíochta Respond. Tá moladh chun uasghrádú an tsoláthair uisce go Coill Mhic Thomáisín istigh le Clár Infheistíochta Seirbhísí Uisce an Rialtais, mar scéim molta i gcomhair an Céim Pleanála. Deacrachtaí eile atá ann ná truailliú fhoinsí, deacrachtaí teacht ar fhoinsí uisce agus acmhainn stórála.
Straitéis Fhorbartha.
Is é sprioc na Comhairle ná forbairt thionsclaíochta a spreagadh agus bonneagar a fheabhsú sa bhaile. Tá Coill Mhic Thomáisín san áireamh sa Scéim Athnuachana Uirbeach agus Sráidbhailte, agus tá stádas tosaíochta aige i gcomhair infheistíocht maidir le seirbhísí sláintíochta. Tá na céimeanna seo deartha chun na h-ábhair seo a fhreagairt. Tá Plean Comhtháthaithe don Cheantar (PCC) á ullmhú i gcomhair Coill Mhic Thomáisín (i 2004) a cuirfidh san áireamh pleananna d’fhorbairt agus cumas an cheantair sa todhchaí.
Tá an theorainn fhorbartha curtha ar thaispeáint sa léarscáil atá iniata. Tá an talamh ar an dtaobh thuaidh do Choill Mhic Thomáisín ag Droichead Coill na Gráinsí criosaithe do thionsclaíochta (Muileann Uí Fhlaithibhín) agus Áras an Chumainn ainmnithe i gcomhair a thuilleadh úsáide thionsclaíochta chun deis a thabhairt do ghnó nua, ceadaíonn seo a thuilleadh fhairsingiú den bhfeidhm seo sa cheantar. Tá an talamh íseal idir iarthar agus oirthear an bhaile ainmnithe mar spás oscailte. Cinntíonn sé seo nach mbeidh forbairt ar an dtalamh seo agus is féidir é a úsáid i gcomhair gníomhaíochtaí caithimh aimsire sa todhchaí.
Tá go leor talún ar fáil d’fhorbairt i dtreo an iardheiscirt ón bhaile, atá ainmnithe d’úsáid chónaithe. Beidh aon chosc ar fhorbairt bainteach leis an easnamh bonneagair curtha in iúl thuas, agus beidh ar mholtaí forbartha déileáil leis seo chomh maith leis an Údarás Pleanála a shásamh maidir leis na caighdeáin d’fhorbairtí nua léirithe i Roinn 9.2
Beidh aon fhorbairt a ndéanfaí ar Thalamh criosaithe d’úsáid Tionsclaíocht éadrom ó dheas ó Choill Mhic Thomáisin ag Gráig Sheoinín ag braith ar na bacanna seo a leanas: - beidh gnáth-airde 1-stórais i gceist; cumadóireacht laistigh amháin; cosc ar obair iarainn nó ar aon fhorbairt eile le droch-thionchar ar áis chónaitheach na tailte lena thaobh; beidh gá le scáthlán trom (fásra).