Tháinig fás ollmhór le blianta beaga anuas ar lonnaíochtaí ainmnithe in Oirthear an Chontae atá suite gairid go leor do Chathair Phort Láirge, is iad sin - Pointe na Síge, An Pasáiste Thoir, An Crúc, agus an Dún Mór Thoir.  Tháinig brú forbartha chomh maith in Iarthar an Chontae, go mór-mhór san Aird Mhór agus sa Rinn. Cé go bhfuil go leor talún d’fhorbairt bhreise sna h-áiteanna seo, caithfear an-infheistiú a dhéanamh maidir le seirbhísí sláintiúla sula ndéanfar mórán eile forbartha.  Glacfar lena thuilleadh forbartha theoranta ‘sna lonnaíochtaí seo (lasmuigh den Phasáiste Thoir) le linn tréimhse an Phlean seo, laistigh des na teorannacha forbartha a léirítear i g Caibidil3_Lonnaíocht (word .doc, 793 kbs)  an Phlean Forbartha seo. 

Go ginearálta, spreagfar forbairt ‘sna lonnaíochtaí atá ann cheana féin i gCriosú iomlán an Chósta (is é sin idir Eochaill agus Pointe na Síge). Cuirfear srian a chur le forbairt ach go h-áirithe in áit a chuirfidh a leithéid d’fhorbairt isteach ar radharcanna an chósta.  Ní thabharfar cead d’fhorbairt ar thaobh na farraige de bhóthar an chósta nuair a chuirfidh a leithéid isteach ar radharcanna ón mbóthar. Caithfidh forbairt nua i gcriosú an chósta a bheith i gcomhréir leis an Aguisín_4-Meastúchán_ar_Thírdhréach_Spéiriúil (word .doc, 109 kbs) .  Léirítear an crios cósta ar an Léarscáil Criosaithe Chósta atá iniata.

wai-aa Valid CSS! Valid XHTML 1.0 Transitional browsealoud_logo
Excellence through Accessibility Committed Award Privacy Logo Sitemap Logo Share/Bookmark
Add | Edit