Láthair
Tá baile Dhún Aill suite timpeall 8 mhíle ó Chathair Phort Láirge agus tá sé rangaithe mar Ionad Seirbhíse Áitiúil toisc na deiseanna fostaíochta atá ar fáil ag Ionad Fiontraíochta Dhún Aill. Íoslódáil Léarscáil Dún Aill (391 kbs) Anseo agus íoslódáil chomh maith na leathanaigh a bhaineann le
Cuspóirí Criosaithe (word .doc, 160 kbs)
. Caithfear na Cuspóirí Criosaithe agus an Maitris Chriosaithe d’Úsáid Talún a úsáid nuair atá tú ag féachaint ar chriosú lonnaíochta faoi leith.
Seirbhísí
Tá bunús seirbhísí cúng ag Dún Aill (ar nós siopaí) ach tá áiseanna pobal sásúla acu, scoil agus séipéal.
Bonneagar
Tá uisce ar fáil ó dhá thobar lasmuigh de bhaile Dhún Aill. Ní féidir leo ach déileáil leis an bhforbairt atá ar siúl faoi láthair agus caithfear an t-uisce a chóireáil toisc an iomarca iarainn. Tá an córas diúscairt séarachais déanta de thanc seipteach agus fliuch-talamh tógtha, agus tá siad sásúil d’éilimh an daonra faoi láthair. Beidh moltaí fhorbartha sa todhchaí ag moladh foinse uisce nua a fháil, chomh maith le réamh-chóireáil eisilteach sar a gcuirfí an t-uisce tríd an chóras cóireála fliuch-talún.
Straitéis Fhorbartha
Tá Dún Aill laistigh d’fhaid taistil go cathair Phort Láirge, agus in aithint ar stádas na cathrach mar Gheata, tá seans go mbeidh níos mó brú forbartha i rith thréimhse an phlean. Tá an teorainn fhorbartha do Dhún Aill le feiceáil sa léarscáil atá iniata. Tá aon shrian maidir le forbairt ceangailte leis an easnamh bhonneagair mar atá curtha in iúl thuas, agus beidh ar mholtaí fhorbartha déileáil leo seo in aon iarratais, chomh maith leis an Údarás Pleanála a shásamh maidir leis na caighdeáin d’fhorbairtí nua de réir Ranna 9.2.