Láthair
Tá baile cósta an Dhúin Mhóir suite 8 mhíle ó chathair Phort Láirge, le daonra 1,663 duine in 2002, méadú 228 ó 1996. Íoslódáil Léarscáil Dún Mór (806 kbs) Anseo agus íoslódáil chomh maith na leathanaigh a bhaineann le
Cuspóirí Criosaithe (word .doc, 160 kbs)
. Caithfear na Cuspóirí Criosaithe agus an Maitris Chriosaithe d’Úsáid Talún a úsáid nuair atá tú ag féachaint ar chriosú lonnaíochta faoi leith.
Seirbhísí
Tá réimse seirbhísí leathan ar fáil sa Dún Mhór. Tá áiseanna pobal ar fáil chomh maith.
Bonneagar
Tá fadhbanna éagsúla le seirbhísí sláintíochta i nDún Mór. Tá moltaí chun ionad cóireáil fuíoll-uisce nua a thógáil, faoin “Scéim an 7 mBaile” (féach an léarscáil iniata i gcomhair an suíomh), agus tá an tógáil le tosú i 2007. Tá an soláthar uisce i gcomhair Dún Mór Thoir faoi Scéim Réigiúnach Phort Láirge Thoir (trí an 250mm tras- 10 orlach) ó Thaiscumar Sporthouse. Tá soláthar breise ar fáil ó Loch Béala chomh maith. Tagann soláthar Chill Aodha ó Loch Béala agus tá sé sásúil chomh maith.
Tionscal
Cuireann calafort an Dhúin Mór roinnt feidhmeanna ar fáil a bhaineann leis an dtionscal iascaireachta. Tá an calafort, agus na tionscal gaolta leis, tábhachtach don bhaile i dtéarmaí fostaíochta. Tá moltaí láidre i gcomhair forbartha cé sheachtrach chun déileáil le trácht trádála agus cé inmheánach i gcomhair úsáid áiseach. Tá criosaí thionsclaíochta éadroma suite i gCill Aodha (faoi Phlean Gníomhaíocht Cheantair Cill Aodha 2001), agus tá crios tionsclaíochta éadrom “todhchaí” curtha in iúl don chúl-thalamh siar ó Dhroichead Horse Quarter. Ní féidir é seo a fhorbairt ach ar an mbunús go mbeidh slí isteach sásúil curtha ar fáil.
Straitéis Fhorbartha
Tá go leor talún ar fáil i nDún Mór agus i gCill Aodha laistigh d’imeall na teorann forbartha, chun déileáil leis an ráta fáis ionchais thar tréimhse ama an phlean agus ar feadh tamaill fada amach anseo (féach an léarscáil iniata). In áiteanna le dinnseanchas deacair áfach, beidh dlús, dearadh, slí isteach agus láithreacht tábhachtach d’aon mholadh forbartha, chomh maith leis an Údarás Pleanála a shásamh maidir leis an gcaighdeáin d’fhorbairtí nua de réir Ranna 9.2.
Ní dócha go nglacfaí le haon fhorbairt a dhéanfadh díobháil d’uisce snámha agus dá réir do shláinte daonna.