Láthair
Tá an baile beag seo suite ar an mbóthar cósta ó Dhún Garbhán - An Trá Mhór (R675), timpeall 20 mhíle ó Dhún Garbhán agus 5 mhíle ón dTrá Mhór. Íoslódáil Léarscáil Fíonnúir (334 kbs) Anseo agus íoslódáil chomh maith na leathanaigh a bhaineann le
Cuspóirí Criosaithe (word .doc, 160 kbs)
. Caithfear na Cuspóirí Criosaithe agus an Maitris Chriosaithe d’Úsáid Talún a úsáid nuair atá tú ag féachaint ar chriosú lonnaíochta faoi leith.
Seirbhísí
Tá an bunús seirbhíse atá ag an bhFionnúir teoranta. Tá áiseanna pobal sásúil chun éilimh an dhaonra faoi láthair a shásamh.
Bonneagar
Níl aon chóras diúscairte dramhaíola poiblí ná soláthar uisce poiblí ag Fionnúir.
Straitéis Fhorbartha
Tá an straitéis fhorbartha curtha in iúl sa Léarscáil iniata. Beidh cosc ar a thuilleadh fhorbartha sa bhaile. Tá an cosc seo bainteach leis an easnamh bonneagair a chuirtear in iúl thuas, chomh maith leis an ngá atá ann an Údarás Pleanála a shásamh maidir leis na caighdeáin d’fhorbairtí nua de réir Ranna 9.2.