Cúlra
Is ionann an lonnaíocht ina bhfuil Maoil a’ Chóirne, Baile na nGall agus Heilbhic agus ceantair Ghaeltachta Phort Láirge. Suite idir 5 agus 7 míle lasmuigh de Dhún Garbhán, tá fás substaintiúil tagtha ar na bailte seo le blianta beaga anuas. Tá sé deacair idirdhealú a dhéanamh idir na lonnaíochtaí de bharr an fháis seo.
Tá an polasaí criosaithe mar a bhí sa Phlean Gníomhaíochta don Rinn-Heilbhic-An Sean Phobal (2001) curtha as feidhm ag an mapáil sa Phlean Forbartha seo, cé go mairfidh na prionsabail dheartha srl, atá riachtanach faoin bPlean Gníomhaíochta, go dtí go mbeidh lámhleabhar deartha curtha ar fáil (mar a léiríodh in 8.3) sa todhchaí.
Láthair
Is é Heilbhic an lonnaíocht is lú de na trí lonnaíochtaí. Tá sé suite míle soir ó Bhaile na nGall agus 7 míle ó Dhún Garbhán. Íoslódáil Léarscáil (512 kbs) Anseo agus íoslódáil chomh maith na leathanaigh a bhaineann le
Cuspóirí Criosaithe (word .doc, 160 kbs)
. Caithfear na Cuspóirí Criosaithe agus an Maitris Chriosaithe d’Úsáid Talún a úsáid nuair atá tú ag féachaint ar chriosú lonnaíochta faoi leith.
Seirbhísí
Léiríonn an réimse beag seirbhísí atá ar fáil in Heilbhic cé chomh beag is atá an lonnaíocht.
Tionsclaíocht
Foinse luachmhar fhostaíochta is ea calafort iascaireachta beag Heilbhic agus an gléasra próiseáil éisc a bhaineann leis, os rud é go gcónaíonn roinnt mhaith des na hoibrithe sa cheantar áitiúil
Bonneagar
Tá soláthar uisce agus líonra bóithre poiblí sásúil chun éilimh an daonra mar atá faoi láthair a shásamh. Tá fadhbanna acmhainne maidir leis an scéim shéarachais poiblí faoi láthair i Maoil a’ Chóirne – Baile na nGall – Heilbhic. Ach tá súil an fhadhb seo a réiteach i rith tréimhse an phlean, nuair a bheidh an limistéar ar fad uasghrádaithe mar chuid den scéim chóireála fuíoll-uisce atá beartaithe do Dhún Garbhán.
Tá comhairleoirí ceapaithe chun Moltaí Réamh-Thuairisce a ullmhú agus chun druileáil a dhéanamh i gcomhair foinse uisce nua, chun feabhas a chur ar soláthar uisce na Rinne/Heilbhic/Radharc na Farraige. Tá an scéim seo clúdaithe faoi chlár infheistíochta seirbhísí uisce an Rialtais, 2004-2006.
Straitéis Fhorbartha
Tá an-chuid fhorbartha mhí-ordúil agus treallach tar éis tarlú i lonnaíocht chósta Heilbhic. Cé go bhfuil croí-lár an bhaile sainithe go maith, tá an bóthar isteach (ar an dtaobh ó dheas) forbartha chomh maith. Toisc nach leanann an fhorbairt seo aon líne tógála ná dearadh comhchosúil, tá seans go mbeidh fadhbanna le forbairt inlíonta san áit seo. Chomh maith leis seo, tá cosc ar fhás na lonnaíochta toisc an nádúr ard atá ag an dtalamh ar líne theas an chósta.
Tá an straitéis fhorbartha i gcomhair Heilbhic léirithe sa Léarscáil Criosaithe d’Úsáid Talún. Beidh cosc curtha ar a thuilleadh fháis in Heilbhic ag an gComhairle toisc na cúiseanna curtha in iúl thuas, agus ní bheidh ach iarratais i gcomhair tithíocht inlíonta mothálach tógtha san áireamh le haghaidh cead pleanála. Beidh iarrthóirí i gcomhair cead pleanála laistigh den teorainn fhorbartha measta ar a bhfiúntais agus ar a n-ábaltacht chun an Roinn Pleanála a shásamh maidir le slí isteach, seirbhísí sláintiúla agus ionradh radharcach. Is é polasaí an Údaráis Pleanála cur i gcoinne aon mholtaí i gcomhair breis thithe cónaithe a thógáil lasmuigh den teorainn fhorbartha, de bharr dlúis agus méid na forbartha faoi láthair.