Tá Léim Uí Bhriain suite ar an N25 (Cill Áirne-Ros Láir) timpeall 28 chiliméadar ó Chathair Phort Láirge agus 16 chiliméadar ó Dhún Garbhán. Tá an fhorbairt is sine sa lonnaíocht suite ar an dá thaobh  den N25, ar an dtaobh ó thuaidh. Ach tá an eastát tithíochta is déanaí ar an dtaobh ó dheas don tsráidbhaile.  Íoslódáil Léarscáil Léim Uí Bhriain (409kbs) agus íoslódáil chomh maith na leathanaigh a bhaineann le Cuspóirí Criosaithe (word .doc, 160 kbs) Caithfear na Cuspóirí Criosaithe agus an Maitris Chriosaithe d’Úsáid Talún a úsáid nuair atá tú ag féachaint ar chriosú lonnaíochta faoi leith.  

Seirbhísí
I measc na seirbhísí atá ar fáil i Léim Uí Bhriain tá tigh tábhairne, siopa/oifig an phoist, stáisiún peitril, ionad fóntas pobail, stad bus, club C.L.G agus stáisiún na nGárdaí.  Tá seirbhísí comónta eile ar fáil i nDún Garbhán.

Bonneagar
Tá soláthar uisce poiblí ag Léim Uí Bhriain ach tá gá len é a h-uasghrádú, agus níl mórán acmhainn le spáráil ins an córas talaimh fliuch, tógtha chun fuíoll-uisce a chóireáil.

Beidh sé riachtanach sa todhchaí go mbeidh moltaí i gcomhair chóireáil fuíoll-uisce inbhuanaithe agus soláthar uisce sásúil i ngach iarratas pleanála i gcomhair eastáit tithíochta. Caithfear aon mholadh mar seo a phlé le Roinn Seirbhísí Sláintíochta Chomhairle Contae Phort Láirge roimh iarratas pleanála a dhéanamh.

Beidh an chomhairle ag iarraidh forbróirí a spreagadh chun dul isteach i gcomhaontaíocht páirtíochta chun an bonneagar atá riachtanach chun forbairt na n-eastát seo a chur ar fáil.

Straitéis Fhorbartha
Tá formhór na forbartha eiseacha i Léim Uí Bhriain i bhfoirm líneach, suite ar an N25 agus an Bóthar Réigiúnach R676. Beidh forbairt i Léim Uí Bhriain sa todhchaí bunaithe ar an straitéis fhorbartha curtha ar fáil ar an Léarscáil Criosaithe d’Úsáid Talún. Úsáidfear polasaithe agus spriocanna na gCaighdeán Forbartha, mar atá léirithe i gcaibidil 9, mar threoirlínte chun na moltaí forbartha a chur ar eolas.
 
Chun a bheith cinnte go bhfuil an lonnaíocht cosanta ó fhorbairt de scála mí-oiriúnach, beidh sé riachtanach go mbeidh na scéimeanna seo gaolta le hacmhainn an phobail chun an fhorbairt a chomhshamhlú.

Cuirfidh aon mholadh i gcomhair forbartha ar na tailte in aice leis an bPáirc CLCG agus Criosú do Spás Oscailte sa cheantar seo nascanna do chosaithe go dtí na háiseanna seo ar fáil.

wai-aa Valid CSS! Valid XHTML 1.0 Transitional browsealoud_logo
Excellence through Accessibility Committed Award Privacy Logo Sitemap Logo Share/Bookmark
Add | Edit