|
County Waterford, Ireland
|
||
![]() |
||
| You are here: Baile > Seirbhísí > Pleanáil > Plean Forbartha Chontae Phort Láirge > Maigh Dheilge | ||
LáthairTá Maigh Dheilge suite timpeall 16 chiliméadar siar ó thuaidh ó Dhún Garbhán agus 8 gciliméadar taobh thoir do Cheapach Choinn. Íoslódáil Léarscáil Maigh Dheilge (409kbs) agus íoslódáil chomh maith na leathanaigh a bhaineann Cuspóirí Criosaithe (word .doc, 160 kbs) Caithfear na Cuspóirí Criosaithe agus an Maitris Chriosaithe d’Úsáid Talún a úsáid nuair atá tú ag féachaint ar chriosú lonnaíochta faoi leith. Seirbhísí I measc na seirbhísí agus áiseanna pobal ar fáil i Maigh Dheilge tá séipéal, tigh tábhairne, halla an pharóiste agus páirc C.L.G. Tá an scoil lasmuigh den bhaile, timpeall 6 chiliméadar siar ó thuaidh. Bonneagar Níl aon chóras cóireála fuíoll-uisce nó píblíne uisce ag an mbaile. Beidh sé riachtanach sa todhchaí, go mbeidh moltaí i gcomhair chóireáil fuíoll-uisce inbhuanaithe agus soláthar uisce sásúil i ngach iarratas pleanála d’aon eastát tithíochta. Caithfear aon mholadh mar seo a phlé le Roinn Seirbhísí Sláintíochta Chomhairle Contae Phort Láirge roimh iarratas pleanála a dhéanamh. Straitéis Fhorbartha Tá aon chosc ar fhorbairt bainteach leis an easnamh bonneagair curtha in iúl thuas, agus beidh ar mholtaí forbartha déileáil le seo chomh maith leis an Údarás Pleanála a shásamh maidir leis na caighdeáin d’fhorbairtí nua de réir Ranna 9.2. Tá Séadchomharthaí Cláraithe cóngarach don talamh criosaithe, agus caithfidh an chomhairle a bheith sásta nach gcuirfidh aon mholadh forbartha isteach ortha seo.
|
||
| Add | Edit | ||