Cúlra
Is ionann an lonnaíocht ina bhfuil Maoil a’ Chóirne, Baile na nGall agus Heilbhic agus ceantair Ghaeltachta Phort Láirge. Suite idir 5-7 míle lasmuigh de Dhún Garbhán, tá méadú substaintiúil tagtha ar na bailte le blianta beaga anuas. Tá sé deacair idirdhealú a dhéanamh eatarthu de bharr an fháis seo. Íoslódáil Léarscáil Maoil a’ Chóirne(409kbs) agus íoslódáil chomh maith na leathanaigh a bhaineann le
Cuspóirí Criosaithe (word .doc, 160 kbs)
Caithfear na Cuspóirí Criosaithe agus an Maitris Chriosaithe d’Úsáid Talún a úsáid nuair atá tú ag féachaint ar chriosú lonnaíochta faoi leith.
Tá polasaí criosaithe an Phlean Gníomhaíochta don Rinn-Heilbhic-An Sean Phobal (2001) curtha as feidhm ag an mapáil sa Phlean Forbartha seo, cé go mairfidh na prionsabail dheartha srl, atá riachtanach faoin bPlean Gníomhaíochta, go dtí go mbeidh lámhleabhar dearadh curtha ar fáil (mar a léiríodh in 8.3) sa todhchaí.
Láthair
Tá Maoil a’ Chóirne suite timpeall 5 mhíle ó dheas ó Dhún Garbhán.
Seirbhísí
Tá sráidbhaile Mhaoil a’ Chóirne coinnithe go maith, agus tá réimse seirbhísí miondíola áisiúil agus réimse áiseanna pobal ar fáil ann.
Tionsclaíocht
Tá roinnt thionscail bheaga i Maoil a’ Chóirne atá mar phríomh-fhostóirí sa cheantar. Tá formhór na tionsclaíochta bunaithe san eastát tionsclaíochta beag ar an dtaobh ó dheas den sráidbhaile.
Bonneagar
Tá an soláthar uisce i Maoil a’ Chóirne sásúil don éileamh faoi mar atá. Tá fadhbanna acmhainne faoi láthair leis an gcóras séarachais poiblí i Maoil a’ Chóirne-Baile na nGall-Heilbhic. Ach is cosúil go mbeidh réiteach ar an bhfadhb seo i rith tréimhse an phlean, nuair a bheidh an limistéar ar fad uasghrádaithe mar chuid den scéim chóireála fuíoll-uisce atá beartaithe do Dhún Garbhán. Tá comhairleoirí ceapaithe chun Moltaí Réamh-thuairisce a ullmhú agus chun druileáil a dhéanamh i gcomhair foinse uisce nua, chun feabhas a chur ar soláthar uisce na Rinne/ Heilbhic / Radharc na Mara. Tá an scéim seo clúdaithe faoi Chlár Infheistíochta Seirbhísí Uisce an Rialtais 2004-2006.
Straitéis Fhorbartha
Is é an tionchar is mó atá ar fhorbairt i Maoil a’ Chóirne ná tír-raon an cheantair, le fánaí ag dul ó thuaidh. Tá pátrún na forbartha líneach, le gráigeanna tithíochta éagsúla le feiscint cóngarach don chósta. Tá méadú an-mhór tagtha ar Mhaoil a’ Chóirne le linn tréimhse an phlean.
Beidh forbairt ceadaithe laistigh d’áiteanna criosaithe, agus ba cheart don bhforbairt a bheith ceangailte le seirbhísí atá ann cheana fhéin. Tá an straitéis fhorbartha do Mhaoil a’ Chóirne léirithe sa Léarscáil Criosaithe d’Úsáid Talún. Beidh an chomhairle i bhfábhar líonadh mothálach ar rannáin áirithe den bhóthar agus ar an dtaobh thiar den bhaile. Ní cheart go mbeadh aon fhorbairt soir ó Mhaoil a’ Chóirne as seo amach áfach, chun an baile a choimeád mar lonnaíocht ar leith ó Bhaile na nGall. Tá sráidbhaile Mhaoil a’ Chóirne beagnach líonta anois. Faoi láthair níl ach cúpla deis fhorbartha fágtha agus is cosúil nach mbeidh siad seo fágtha thairis an chéad tréimhse eile den phlean. Ach beidh an-éileamh ar thithe go fóill, de bharr an chóngaracht do Dhún Garbhán agus an tarraingt chun cónaí cois cósta. Dá bhrí sin beidh an chomhairle ag iarraidh a chinntiú go mbeidh aon talamh cónaitheach atá fágtha úsáidte chun tacaíocht a thabhairt d’fhás nádúrtha an daonra mar atá faoi láthair. Cabhróidh sé seo chun carachtar an cheantair a choimeád agus an brú atá ar thalamh forbartha a laghdú.