Láthair
Tá lonnaíocht Mheilearaí suite sna Cnoic Mhaoldomhnaigh timpeall 7 gciliméadar ó thuaidh ó Cheapach Choinn agus an N72, agus ciliméadar amháin soir ó dheas ó Mhainistir Mheilearaí. Íoslódáil Léarscáil Meilearaí (409kbs) agus íoslódáil chomh maith na leathanaigh a bhaineann le
Cuspóirí Criosaithe (word .doc, 160 kbs)
Caithfear na Cuspóirí Criosaithe agus an Maitris Chriosaithe d’Úsáid Talún a úsáid nuair atá tú ag féachaint ar chriosú lonnaíochta faoi leith.
Tréithe
Tá an bóthar go dtí Meilearaí ainmnithe mar bhóthar álainn, le roinnt áiteanna timpeall ainmnithe mar áiteanna atá soghonta ó thaobh radhairc de, agus mothálach. Tá an talamh sa lonnaíocht suite lastuas de h-uiscíoch réasúnta torthúil de thábhacht réigiúnach atá an-shoghonta do thruailliú screamh-uisce. Tá titim na talún ag dul ó dheas agus taobh thoir don chrosbhóthar.
Tá Meilearaí tréithrithe ag radharcanna áille, bóithre línte le crainn aibí, agus na fálta sceacha. Is é an mainistir agus na foirgnimh leis, fócas na lonnaíochta seo.
Ba cheart cosaint agus cur chun cinn na tréithe seo a bheith curtha isteach in aon dhearadh i gcomhair aon mholadh don áit.
Áiseanna agus Seirbhísí
I measc an bhunúis seirbhíse i Meilearaí tá an Mainistir (seirbhís Aifrinn, siopa féiríní, agus taispeántas eolais idirghníomhach), siopa áitiúil, ionad gairdín beag, agus tigh ósta mór le ‘tae-ghairdín’. Tá foirgneamh na bunscoile atá dúnta le roinnt blianta anuas. Cheannaigh Scouting Ireland CSCI foirgnimh Scoil Cónaithe na Mainistreach in 1975, agus tá Ionad Scabhtáil, ina bhfuil Músaem Náisiúnta agus Cartlann an CSI.
Bonneagar
Tá soláthar uisce poiblí ag Meilearaí atá sásúil i gcomhair na héileamh atá ar faoi láthair, ach níl mórán acmhainne ann i gcomhair a thuilleadh éilimh. Níl áfach, aon chóras cóireála fuíoll-uisce poiblí, ná córas diúscairte. Beidh forbairt ag braith ar chóras cóireála fuíoll-uisce aonarach nó comhchoiteann a chur ar fáil.
Beidh aon chosc maidir le forbairt ceangailte leis an easnamh bonneagair mar atá curtha in iúl thuas, agus beidh ar mholtaí forbartha déileáil leis seo in aon iarratais, chomh maith leis an Údarás Pleanála a shásamh maidir leis na caighdeáin d’fhorbairtí nua de réir Ranna 9.2.
Caithfear aon mholadh mar seo a phlé le Roinn Seirbhísí Sláintíochta Chomhairle Contae Phort Láirge roimh iarratas pleanála a dhéanamh.
Straitéis Fhorbartha
Beidh bóthar straitéiseach le rochtain curtha ar fáil agus cosanta le h-úsáid sa todhchaí, trí aon thalamh criosaithe, nó talamh thiar gan teacht ar bhóthar nó mar bhealach sa todhchaí. Ba cheart moltaí forbartha i gcomhair forbartha ar an saghas seo talaimh atá criosaithe (m.sh. an pháirc ar an dtaobh thiar don theach tábhairne/Tigh ósta) a chur san áireamh in aon mholadh sa todhchaí.
Tá an straitéis fhorbartha do Mheilearaí curtha ar fáil sa Léarscáil Criosaithe d’Úsáid Talún Meilearaí. Beidh polasaithe agus spriocanna Straitéis Lonnaíochta an Chontae, mar atá léirithe i gCaibidil 3 don Phlean Forbartha, infheidhme chomh maith.