Láthair
Tá Na Feadha timpeall 3 chiliméadar siar ó thuaidh ó Choill Mhic Thomáisín agus timpeall 20 ciliméadar aniar ó Chathair Phort Láirge. Íoslódáil Léarscáil Na Feadha (338 kbs) Anseo agus íoslódáil chomh maith na leathanaigh a bhaineann le
Cuspóirí Criosaithe (word .doc, 160 kbs)
. Caithfear na Cuspóirí Criosaithe agus an Maitris Chriosaithe d’Úsáid Talún a úsáid nuair atá tú ag féachaint ar chriosú lonnaíochta faoi leith.
Seirbhísí
Tá Na Feadha lonnaithe ag crosbhóthar, agus mar bhunús seirbhíse tá séipéal, tigh tábhairne agus bunscoil.
Bonneagar
Tá seirbhís sholáthar uisce poiblí ag an lonnaíocht ach níl aon bhonneagar séarachais. Beidh sé riachtanach sa todhchaí, go mbeidh moltaí i gcomhair cóireáil fuíoll-uisce inbhuanaithe agus soláthar uisce sásúil i ngach iarratas pleanála i gcomhair eastáit thithíochta. Caithfear aon mholadh mar seo a phlé leis an Roinn Seirbhísí Sláintíochta Chomhairle Contae Phort Láirge roimh iarratas pleanála a dhéanamh.
Beidh an chomhairle ag iarraidh tacaíocht a thabhairt d’fhorbróirí atá ag teacht chun dul isteach i gcomhaontaithe páirtíochta chun na bonneagair atá riachtanach chun forbairt na n-eastát seo a chur ar fáil.
Straitéis Fhorbartha
Tá an straitéis fhorbartha i gcomhair bhaile na Feadha mar a chuirtear in iúl sa Léarscáil Criosaithe d’Úsáid Talún. Úsáidfear polasaithe agus spriocanna na gCaighdeán Forbartha, mar atá léirithe i gCaibidil 9, mar threoirlínte chun eolas a chur ar fáil do mholtaí fhorbartha.
Chun a bheith cinnte go bhfuil an lonnaíocht cosanta ó fhorbairt de scála nach bhfuil oiriúnach, beidh sé riachtanach go mbeidh na scéimeanna seo fite fuaite le h-acmhainn an phobail chun an fhorbairt a chur le chéile.