Láthair
Tá sráidbhaile Phointe na Síge suite timpeall ocht míle ó Chathair Phort Láirge. Tá fás suntasach tagtha ar an sráidbhaile le linn tréimhse an phlean deirigh.  Íoslódáil Léarscáil Pointe na Síge (409 kbs) Anseo agus íoslódáil chomh maith na leathanaigh a bhaineann le Cuspóirí Criosaithe (word .doc, 160 kbs) .  Caithfear na Cuspóirí Criosaithe agus an Maitris Chriosaithe d’Úsáid Talún a úsáid nuair atá tú ag féachaint ar chriosú lonnaíochta faoi leith.

Seirbhísí
Tá raon seirbhísí leathan go leor ag pobal an tsráidbhaile. Tá na h-áiseanna pobal atá le fáil i bPointe na Síge maith go leor do shráidbhaile dá mhéid.

Bonneagar
Tá moltaí curtha isteach do chóras nua cóireála fuíoll-uisce (750 p.e.*) agus córas bailithe bruscair. Tá an scéim seo faoin ‘Tionscnamh Bailte agus Sráidbhailte Tuaithe’ curtha san áireamh sa ‘Chlár Infheistíochta Seirbhísí Uisce 2004 – 2006’. Soláthraítear uisce Phointe na Síge ó Loch Belle via córas An Phasáiste/Chill Liath/Fáithling.  Níl go leor uisce á sholathar don tsráidbhaile agus bíonn fadhbanna brú ann mar gheall ar éilimh eile ar an gcóras.  Is féidir an córas a fheabhsú le príomh-dhraenacha nua agus níos mó, chomh maith le treiseoir. Beidh maoiniú ag teastáil ón Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Aitiúil.

Cuireadh moladh isteach chun Soláthar Uisce Cheantar na Faithlinne/Phointe na Síge a fheabhsú faoi Chlár Infheistíochta um Sheirbhísí Uisce an Rialtais mar Chlár atá molta do Chéim na Pleanála.

Straitéis Fhorbartha
Tá an-chuid deiseanna forbartha laistigh den limistéar forbartha mar atá léirithe ar an Léarscáil iniata.  Ach mar gheall ar fhadhbanna dinnseanchais, áfach, beidh baint an-dhlúth le dlús, slí isteach, suíomh forbartha agus radharc tíre le moltaí forbartha ar bith chomh maith leis an Údarás Pleanála a shásamh maidir leis na caighdeáin d’fhorbairtí nua i Roinn 9.3. Go háirithe caithfear moltaí faoi leith, maidir le  dearadh a chur san áireamh maidir le forbairt an charnaidh talún ar an dtaobh  dheas de chroí-lár an sráidbhaile m.sh. dlús an-íseal forbartha/uillinn íseal ar an díon.

Beidh réamh-phlé ar iarratais maidir le moltaí fhorbartha agus ní thabharfar cead dóibh seo muna gcomhlíonann siad coinníollacha na straitéise thuas. Ach ní ceart aon fhorbairt a dhéanamh, áfach, go dtí go gcuirtear go leor feabhais ar sheirbhísí sláinte.

Ní bheidh ach úsáid talmhaíochta ceadaithe don talamh in aice na scoile i bhFáithling nó chun síneadh a chur leis an scoil, go háirithe nuair a bheidh feabhas maidir le rochtain, leathnú bóthair agus soláthar áiseanna páirceála nua mar thoradh ar an síneadh seo. Is é aidhm an Phlean ná go gcuirfí cosán ar fáil idir an scoile agus an tsráidbhaile.

* Ciallaíonn coibhéis daonra an t-ualach in-bhith-dhíghrádaithe orgánach le héileamh bithcheimiceach ar ocsaigin (BOD5) cúig lá de 60g ocsaigin sa ló.

wai-aa Valid CSS! Valid XHTML 1.0 Transitional browsealoud_logo
Excellence through Accessibility Committed Award Privacy Logo Sitemap Logo Share/Bookmark
Add | Edit