|
County Waterford, Ireland
|
||
![]() |
||
| You are here: Baile > Seirbhísí > Pleanáil > Plean Forbartha Chontae Phort Láirge > Port Lách | ||
|
(Tagairt don Phlean Cheantar Áitiúil, 2002 - 2008) portlaw_area_plan (adobe .pdf, 541 kbs) Tá Port Lách an-oiriúnach mar shuíomh d’fhorbairt chónaithe breise, mar tá sé suite cóngarach don N24 bealach ó Phort Láirge go Luimneach. Íoslódáil Léarscáil Port Lách (409kbs) agus íoslódáil chomh maith na leathanaigh a bhaineann le Cuspóirí Criosaithe (word .doc, 160 kbs) Caithfear na Cuspóirí Criosaithe agus an Maitris Chriosaithe d’Úsáid Talún a úsáid nuair atá tú ag féachaint ar chriosú lonnaíochta faoi leith. Tá bunús seirbhíse leathan ag Port Lách. Tá feabhas tagtha ar an réimse seirbhísí atá ar fáil ann le blianta beaga anuas agus tá sé thar a bheith sásúil don daonra áitiúil. Tá na seirbhísí sláinte sa bhaile sásúil. Tá córas cóireála séarachais nua-aimseartha ann agus acmhainn le spáráil. Tá sé molta chun áiseanna dí-uisciú i gcomhair sloda ón gceantar a chóireáil ag an ngléasra chóireála fuíoll-uisce. Chomh maith leis seo tá sé molta an soláthar uisce a h-uasghrádú tríd an córas a cheangal le Scéim Réigiúnach Sholáthar Uisce Phort Láirge Thoir. Is é polasaí na Comhairle fáltas a bhaint as an mbonneagar seo trí mhéadú ar fhorbairt chónaithe agus trádálach a chur chun cinn. Toisc cóngaracht Phort Lách do Phort Láirge, Charraig na Siúire agus Choill Mhic Thomáisín, tá deiseanna ann bealaí iompar a bhunú idir na h-áiteanna seo. Tá sé ar intinn ag an gComhairle staidéar féidearthachta a dhéanamh ar thionscail turasóireachta a chur ar bun sa bhaile, toisc saibhreas staire agus dúchasacha bhaile Phort Lách. Cuirfear é seo ar siúl i gcomhoibriú leis na páirtithe deonacha agus reachtúla chun na h-áiseanna riachtanacha a chur ar fáil agus margaíocht a dhéanamh ar Phort Lách mar cheann scríbe turasóireachta. Tá sé mar aidhm ar leith ag Comhairle Contae Phort Láirge laistigh de shaolré an Phlean seo, ainmníocht limistéir Phort Lách mar ACA a dheimhniú, de réir Plean Caomhantas Oidhreachta Phort Lách atá glactha go foirmeálta ag an Údarás Áitiúil. Cuirfidh an Chomhairle tús le nósanna imeachta, i gcomhairle leis an Oifigeach Caomhnaithe, chun na struchtúir atá molta de réir Phlean Caomhantais Phort Lách a chur ar an SCT: Teach Springfield, Teach Woodview, Shaw’s Spout, Clochar na Trócaire, Stóras an Ghoirt Álainn, ‘Níocháin’, ‘Íoclann’, iar-Oifig an Phoist ar Chearnóg an Mhargaidh, Óspidéal, Tithe Dídean, Droichead Phort Lách, Sean Droichead Coisithe agus Ballaí na hAbhann ar Shráid an Droichid.) Tá an straitéis fhorbartha do Phort Lách le fáil sa Phlean Cheantar Áitiúil Port Lách 2002. |
||
| Add | Edit | ||