Tá sráidbhaile Ráth Ó gCormaic suite 11 chiliméadar siar ó dheas ó Charraig na Siúire i ndeisceart Thiobraid Árainn agus timpeall 35 chiliméadar soir ó thuaidh ó Dhún Garbhán. Suite ar an mbóthar réigiúnach R676, tá struchtúr líneach ag Ráth Ó gCormaic go bunúsach.  Íoslódáil Léarscáil Ráth Ó gCormaic (409kbs) agus íoslódáil chomh maith na leathanaigh a bhaineann le Cuspóirí Criosaithe (word .doc, 160 kbs) (160 kbs) Caithfear na Cuspóirí Criosaithe agus an Maitris Chriosaithe d’Úsáid Talún a úsáid nuair atá tú ag féachaint ar chriosú lonnaíochta faoi leith.


Seirbhísí
I measc na seirbhísí agus áiseanna ar fáil i Ráth Ó gCormaic tá scoil náisiúnta, séipéal, páirc shacair, dhá thigh tábhairne, garáiste deisiú fheithiclí, siopa/oifig an phoist, brú,  ionad pobail agus Stáisiún na nGardaí chomh maith le stór Glanbia.

Bonneagar
Tagann an soláthar uisce do Ráth Ó gCormaic ó thollpholl in aice an tsráidbhaile, le soláthar teoranta. Tá tionchar aige seo ar na h-áiteanna is féidir a fhorbairt, mar chaithfear an soláthar uisce a chosaint ó thruailliú, agus ar an leibhéal forbartha a cheadófar go dtí go dtagann feabhas ar an soláthar.

Is féidir an fhadhb seo a réiteach trí chóras séarachais poiblí a chur ar fáil.  Beidh sé riachtanach sa todhchaí go mbeidh moltaí i gcomhair cóireáil fuíoll-uisce inbhuanaithe i ngach iarratas pleanála i gcomhair eastáit tithíochta. Caithfear aon mholadh mar seo a phlé le Roinn Seirbhísí Sláintíochta Chomhairle Contae Phort Láirge roimh iarratas pleanála a dhéanamh.

Déanfaidh an Chomhairle staidéar draenála ar Ráth Ó gCormaic.  Bunaithe ar dea-thoradh an staidéir seo déanfaidh an Chomhairle athbhreithniú ar shuíomh cliarlathach an tsráidbhaile sa Chliarlathas Lonnaíochta luaite i Rannóg 3.4, d’fhonn a suíomh a uasghrádú.  Déanfar insealbhú ar chóras séarachais poiblí tríd an Staidéir thuasluaite agus cuirfidh sé seo le féidearthachtaí forbartha an sráidbhaile

Beidh an chomhairle ag iarraidh spreagadh a thabhairt d’fhorbróirí dul i gcomhaontú páirtíochta le bonneagar atá riachtanach chun forbartha na n-eastát seo a éascú.

Straitéis Fhorbartha
Tá an straitéis fhorbartha i gcomhair Ráth Ó gCormaic mar a chuirtear in iúl sa Léarscáil Criosaithe d’Úsáid Talún. Úsáidfear polasaithe agus spriocanna na gCaighdeán Forbartha, mar atá léirithe i gCaibidil 9, mar threoirlínte chun eolas a thabhairt do mholtaí fhorbartha.
 
Chun a bheith cinnte go bhfuil an lonnaíocht cosanta ó fhorbairt le scála mí-oiriúnach, beidh sé riachtanach go léireoidh na scéimeanna seo acmhainn an phobail chun an fhorbairt a chomhshamhlú.

 

wai-aa Valid CSS! Valid XHTML 1.0 Transitional browsealoud_logo
Excellence through Accessibility Committed Award Privacy Logo Sitemap Logo Share/Bookmark
Add | Edit