Láthair
Is baile beag é Tuar an Fhíona atá suite timpeall 13 mhíle ó Dhún Garbhán agus 12 mhíle ó Chluain Meala. Íoslódáil Léarscáil Tuar an Fhíona (409kbs) agus íoslódáil chomh maith na leathanaigh a bhaineann le
Cuspóirí Criosaithe (word .doc, 160 kbs)
Caithfear na Cuspóirí Criosaithe agus an Maitris Chriosaithe d’Úsáid Talún a úsáid nuair atá tú ag féachaint ar chriosú lonnaíochta faoi leith.
Seirbhísí
I measc na seirbhísí atá ar fáil i dTuar an Fhíona tá bunscoil, páirc imeartha, halla an phobail, séipéal, 2 thigh tábhairne, siopa agus páirc phoiblí. Tá na páirceanna C.L.G lasmuigh den bhaile, timpeall ciliméadar amháin ó thuaidh.
Bonneagar
Tá córas diúscairte séarachais ar leith ag formhór na dtithe sa cheantar. Tá córas diúscairt talamh fliuch tógtha, áfach, a bhí curtha ar fáil i gcomhair tithe na Comhairle sa bhaile.
Straitéis Fhorbartha
Tá an fhorbairt reatha i dTuar an Fhíona líneach don chuid is mó agus srianta go dtí oirthear an bhaile. Is de bharr dinnseachais an cheantar é seo, a thiteann go géar ón oirthear go dtí an iarthar. Tá tionchar aige seo ar deiseanna forbartha toisc nach féidir talamh iarthar an bhaile a cheangail leis an gcóras séarachas phoiblí go héasca. Tá an straitéis fhorbartha do Thuar an Fhíona mar a chuirtear in iúl sa Léarscáil Criosaithe d’Úsáid Talún. Úsáidfear polasaithe agus spriocanna na gCaighdeáin Forbartha, mar atá léirithe i gcaibidil 9, mar threoirlínte chun moltaí fhorbartha a chur ar eolas.
Beidh sé riachtanach sa todhchaí, go mbeidh ar iarratas pleanála d’eastát tithíochta moltaí a chur ar fáil chun cóireáil fuíoll-uisce inbhuanaithe agus soláthar uisce a chlúdú. Beidh an chomhairle ag iarraidh spreagadh a thabhairt d’fhorbróirí dul i gcomhaontaithe páirtíochta chun an bonneagar atá riachtanach d’fhorbairt na heastáit seo a chur ar fáil.
Caithfear aon mholadh mar seo a phlé le Roinn Seirbhísí Sláintíochta Chomhairle Contae Phort Láirge roimh iarratas pleanála a dhéanamh.