Tá baile Thulach an Iarainn ainmnithe mar Ionad Seirbhíse Áitiúil toisc an láithreacht straitéiseach atá aige in aice an N72 (Maigh Eala – Dún Garbhán) Bealach Náisiúnta Sealadach, agus a foisceacht don N25 (Ros Láir – Corcaigh) agus an N8 (Baile Átha Cliath – Corcaigh) Príomh Bhealaí Náisiúnta – timpeall 35 chiliméadar ó Dhún Garbhán agus 24 míle ó Mhainistir Fhear Maí i gContae Chorcaí.  Íoslódáil Léarscáil Tulach an Iarainn (409kbs) agus íoslódáil chomh maith na leathanaigh a bhaineann le Cuspóirí Criosaithe (word .doc, 160 kbs) Caithfear na Cuspóirí Criosaithe agus an Maitris Chriosaithe d’Úsáid Talún a úsáid nuair atá tú ag féachaint ar chriosú lonnaíochta faoi leith.  

Tá Tulach an Iarainn suite 9 gciliméadar ón Lios Mór, agus 20 ciliméadar ó Eochaill, Mainistir na Corann agus Mainistir Fhear Maí.  Tá Cathair Phort Láirge agus Corcaigh 80 chiliméadar agus 60 chiliméadar ón bhaile.

Tréithe
Is baile tuaithe, íseal é Tulach an Iarainn, a lonnaíodh mar bhaile margaidh pleanáilte, a bhfuil dúchas tionsclaíochta láidir aige.  Tá foirgnimh chloiche agus ballaí teorainneacha, le príomh shráid leathan ar nós ‘boulevard’ le feiscint i dTulach an Iarainn.  Ba cheart cosaint agus cur chun cinn na tréithe seo a bheith mar sprioc in aon mholadh do dhearadh sa cheantair.

Seirbhísí
Tá an baile suite in aice leis an dteorann idir Corcaigh agus Port Láirge agus tá réimse leathan seirbhísí miondíola agus áiseanna pobal ann, ar nós 8 dtigh tábhairne, 3 bhialann, cúpla teach aíochta, Ionad Fiontar Tulach an Iarainn, Comhar Creidmheasa agus Banc, Halla an Phobail, leabharlann, clinic Tréidlia agus cógaslann, cúpla ollmhargadh agus siopaí crua earraí.  Tá eastát tionsclaíochta sa bhaile chomh maith, le roinnt tionscal beag.

Bonneagar
Tá gá leis an soláthar uisce agus an córas séarachais a uasghrádú.  Beidh gléasra chóireáil fuíoll-uisce curtha ar fáil don bhaile faoi Scéim an tSeacht mBaile, agus tosóidh an tógáil i 2006. Titeann Tulach an Iarainn faoin Scéim Soláthar Uisce Phort Láirge Thiar chomh maith, le comhairleoirí ceaptha chun Moltaí Réamhthuairisce a ullmhú maidir le huasghrádú.
 
Tá aon shrian maidir le forbairt ceangailte leis an easnamh bonneagair mar atá curtha in iúl thuas, agus beidh ar mholtaí fhorbartha déileáil leo seo in aon iarratas, chomh maith leis an Údarás Pleanála a shásamh maidir leis na caighdeáin d’fhorbairtí nua de réir Ranna 9.2.

Caithfear aon mholadh mar seo a phlé le Roinn Seirbhísí Sláintíochta Chomhairle Contae Phort Láirge roimh iarratas pleanála a dhéanamh.

Straitéis Fhorbartha
Tá an teorainn fhorbartha agus straitéis do Thulach an Iarainn curtha ar fáil sa Léarscáil Chriosaithe d’Úsáid Talún.  Tá an talamh ar an dtaobh thoir theas do Thulach an Iarann criosaithe d’úsáid tionsclaíochta ar mhaithe le méadú amach anseo.  Tá go leor talún crioslaithe i gcomhair úsáid spás oscailte (san oirthuaisceart agus san iardheisceart).  Sin chun a chinntiú go mbeadh an talamh íseal, atá infheidhmnithe, agus na páirceanna spóirt cosanta mar spás oscailte. Cinnteoidh sé seo nach mbeidh aon fhorbairt ar an dtalamh agus go mbeidh sé úsáidte mar spás oscailte agus fulangach i gcomhair caithimh aimsire.

Tá go leor talún ar fáil i gcomhair forbartha, atá criosaithe i gcomhair úsáid cónaitheach. Níl ceadmhach ach forbairt aon-stórais a dhéanamh ar thalamh atá criosaithe i gcomhair úsáid cónaitheach ar an dtaobh theas den Chlochar Chairmilíteach. Beidh moltaí forbartha do thalamh ardaithe atá criosaithe d’úsáid chónaitheach ó dheas ó Thulach an Iarainn (ag Coshmore/Coshbride), Choill Mhic Thomáisin faoi réir ag na bacanna seo a leanas:

Forbairt aon-stórais amháin a bheidh ceadaithe ar na tailte, le teilgean ar dhíonta nach mbeidh níos mó ná 30º; lonnaithe ar fhánaí shuíomh íochtaracha agus ag féachaint amach ar an lána, a bheidh leathnaithe agus uasghrádaithe.

Beidh rochtain an lána ar fáil ón mhion-bhóthar poiblí

Déanfar tírdhreachú ar na fánaí uachtaracha agus beidh crainn curtha ann

Comhlíonfaidh aon mholtaí forbartha na riachtanais atá ann maidir le draenáil uisce lofa nó stoirme chomh maith le soláthar uisce oiriúnach i gcomhair comhraicthe dóiteáin agus úsáid teaghlaigh.

wai-aa Valid CSS! Valid XHTML 1.0 Transitional browsealoud_logo
Excellence through Accessibility Committed Award Privacy Logo Sitemap Logo Share/Bookmark
Add | Edit