An Feachtas um Ghearradh Fóirdheontais Madraí

Tá Iontaobhas na Madraí, an charthanacht idirnáisiúnta le haghaidh leas na madraí a bhfuil ceanncheathrúna aige idir i Sasana agus in Éirinn, tá sé ag solathár faoi láthair gearradh fóirdheontais do mhadraí idir fireann agus baineann.

Ina theannta seo, tá go leor buntáistí leighis ag baint le gearradh. Laghdaíonn sé ailse mamach i madraí baineannacha agus ailse uiríoch i madraí fireannacha. Má ghearrann tú madra baineannach cuirfidh sé stop le conairt choileán a bheith á leanúint nuair atá sí i séasúr agus is féidir leis stop a chur le madraí fireannacha a bheith ag dul ar seachrán ar thóir an ghrá!

Cuireann an feachtas gearrtha seans ar fáil do dhaoine atá ar shochar de réir tástála achmhainne a madra a bheith gearrtha ar phraghas íseal: €14.00.

Déan teagmháil le haon chleachtas tréidliachta atá ag glacadh páirt le haghaidh breis eolais – nó cuir glaoch ar an mBeolíne Náisiúnta Ghearrtha de chuid Iontaobhas na Madraí, 1890 946 336.

Seo hiad na cleachtais tréidliachta atá ag glacadh páirt i gceantar Phort Láirge:

Riverside Veterinary Clinic, An Droichead, Dún Garbhán
Guthán: 058 44476

Déise Veterinary Group, Killossera, Dún Garbhán
Guthán: 058 42096

Cityvets, Mattie's Hill, Port Láirge
Guthán: 051 371155

Comeragh Veterinary, An Phríomhshráid, Cill Mhic Thomáisín
Guthán: 051 294143

wai-aa Valid CSS! Valid XHTML 1.0 Transitional browsealoud_logo
Excellence through Accessibility Committed Award Privacy Logo Sitemap Logo Share/Bookmark
Add | Edit