|
Contae Phort Láirge, Eire
|
||
| Tá tú anseo Baile > Seirbhísí > Seirbhísí Tréidliachta > Cigireachtaí Tréidliachta | ||
Cigireachtaí TréidliachtaTweetRialú Ainmhithe agus Seirbhísí TréidliachtaFaoi láthair tá cigire tréidliachta lánaimseartha amháin fostaithe ag Comhairle Contae Phort Láirge, Frances Connolly, agus ceithre chigire tréidliachta páirtaimseartha. Seirbhísí TréidliachtaDéanann na cigirí tréidliachta páirtaimseartha cigireacht fheola, idir réamhbháis agus iarbháis, chomh maith le dualgais stampála. Déanann siad na dualgais seo i gceithre sheamlas de chuid búistéirí sa chontae faoi fheitheoireacht an údaráis áitiúil. Déanann an cigire tréidliachta lánaimseartha maoirseacht ar chúinsí ginearálta sláinteachais agus ar cheisteanna feidhme agus struchtúracha sna seamlais. Chomh maith leis seo, bíonn páirt aige/aici i bhfaomhadh seamlas faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Sláinteachas Bia agus Beatha), 2005 (SI Uimh. 910 de 2005). Déanann an cigire tréidliacht cigireacht chomh maith ar fhoirgnimh bheaga neamhspleácha a dhéanann próiseáil ar fheoil, chomh maith le feirmeacha déirí a sholáthraíonn an gnó leachta. Tá aon fhoirgneamh amháin a dhéanann próiseáil ar fheoil sa chontae faoi láthair, agus 75 feirm dhéirí. Déanann na cigirí an chigireacht seo faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Sláinteachas Bia agus Beatha), 2005 (SI Uimh. 910 de 2005). Cuireann an cigire tréidliachta lánaimseartha cabhair theicniúil ar fáil do na rannóga Comhshaoil agus Pleanála i gComhairle Contae Phort Láirge, do na hinnealtóirí limistéir agus do na maoirseoirí. Baineann an chomhairle seo le cur de láimh dramhaíola de chuid ainmhithe -- dramhaíl ar nós, mar shampla, conablach. Bíonn an obair seo idir lámha ag an gcigire ar bhonn leanúnach agus cuireann sé/sí an t-eolas is déanaí ar fáil don bhfoireann maidir le forbartha nua i rialú ESB (BSE) agus mar sin de. Tá Comhairle Contae Phort Láirge conraithe seirbhísí cigireachta a chur ar fáil do sheamlais agus do mhonarchana phróiseáil fheola ar son an Údaráis um Shábháilteacht Bhia. |
||
| Add | Edit|Direct Edit | ||