|
County Waterford, Ireland
|
||
![]() |
||
| You are here: Baile > Seirbhísí > Seirbhísí Tréidliachta > Fliú Éanúil | ||
Fliú ÉanúilDéan teagmháil leis an Roinn Talmhaíochta ach úsáid a bhaint as na huimhreacha teagmhála seo a leanas má tá aon cheist agat mar gheall ar fhliú éanúil... nó má thagann tú ar éan(laith) m(h)arbh. Ní gá a bheith buartha faoi gach bás éin, áfach. Ba cheart tuairisc a thabhairt i ngach aon chás de bhásanna ealaí aonaracha agus básanna éanlaith uisce eile, mar shampla lachain, lapairí agus faoileáin. Ní gá tuairisc a thabhairt don Roinn de bhásanna éanlaith fhiáin eile atá dúchasach d'Éirinn, mar shampla coilm, préacháin, préacháin dhubha, glasáin, spideoga, meaigeanna agus mar sin de. Ba cheart, afách, tuairisc a thabhairt don Rannóg d'aon ilbhás éanlaith (is cuma cén speiceas atá i gceist). Trí éan marbh den speiceas céanna nó cúig éan marbh de speicis éagsúla ag an suíomh céanna is ea an sainmhíniú ar ilbhás. Níor cheart do bhaill den phobal éanlaith fhiáin mharbh a láimseáil mura bhfuil sé riachtanach. Má mheasann daoine go bhfuil sé riachtanach éanlaith fhiáin mharbh a láimhseáil, ba cheart dóibh bearta réamhchúramacha a ghlacadh, is é sin le rá, lámhainní aon uaire a chaitheamh agus éanlaith mharbh a chur isteach i malaí plaisteacha dúbailte. Glan agus díghalraigh lámha, bróga agus éadach cosanta tar éis sin. Féach leis nóta eolais de chuid an Roinn Talmhaíochta faoi bhásmhaireacht éanlaithe fiáine agus, ina theannta sin, suíomh idirlín an Roinn Talmhaíochta agus Bhia, a thugann méid ollmhór eolais faoi fhliú éanúil agus faoi láimhseáil éanlaithe fiáine mairbhe. Uimhreacha Gutháin d'Fhliú ÉanúilOifig Thréidliachta Cheantair an Roinn Talmhaíochta, Tithe an Rialtais, An Gleann, Port Láirge. Guthán: 051 301600Guthán: 051 301700 Facs: 051 304439 An Líne Chabhrach Náisiúnta um Fhliú Éanúil: 1890 252 283 Le haghaidh breis eolais tabhair cuairt ar Shuíomh Idirlín an Roinn Talmhaíochta agus Bhia. |
||
| Add | Edit | ||