|
County Waterford, Ireland
|
||
![]() |
||
| You are here: Baile > Seirbhísí > Seirbhísí Uisce > An Scéim d'Fhaoiseamh ó Thuilte Uisce Stoirme | ||
|
Go déanaí, tá tuile i gcaitheamh stoirmeacha tromchúiseacha tar éis a bheith ina mórcheist i nDún Garbhán. Tá forbairt shuntasach amach anseo i nDún na Mainistreach Thuaidh agus Thiar teoranta ag topagrafaíocht na talún. Beidh torthaí tábhachtacha tuile i gceist le haon fhorbairt amach anseo, i gcaitheamh stoirmeacha. Ar cheann de na moltaí a chuir an staidéir chun tosaigh ná gur ghá le bunathruithe suntasacha a dhéanamh ar an mbonneagar draenála atá ann i gceantar Fhearann an Tornóraigh/Chlais na Lachan/Bhurgáiste/Chluain Mór. I measc na mbunathruithe atá molta bheadh linn coinneála 32,000m³ a bheadh suite díreach soir d'fhorbraíocht tithíochta Sallybrook. Cosúil le seo, i limistéar an tSeandúin/Chill Rois, bíonn tuile tromchúiseach ar na tailte in aice leis an N25, rud a chuirfidh isteach ar fhorbairt bhreise sa limistéar seo atá criosaithe don chuid is mó tráchtála/tionsclaíoch. Ba é an moladh ná go mbeadh dhá shéarach nua stoirme de dhíth le taobh an N25 ó thimpeallán Chill Rois go dtí béal an Choilligeáin chun tuile sa limistéar seo a fhuascailt. Bheadh píobán níos lú de dhíth ar bhóthar réigiúnach an R672 (Bóthar Cheapach Choinn) agus bhóthar áitiúil an L3145 (Bóthar an Stáisiún Dóiteáin). Táthar ag coinne leis go dtosófar ar na hoibreacha seo i 2008. Tá líníochtaí a léiríonn raon na n-oibreacha ar fáil ag na naisc seo a leanas: |
||
| Add | Edit | ||