Soláthróidh an scéim seo córas uasghrádaithe séarachais

Sna seacht mbaile agus sráidbhaile seo a leanas i gContae Phort Láirge: 

  • An Baile Dubh/Cill Mhíodáin
  • An tSráidbhaile
  • Aird Mhór 
  • Ceapach Choinn
  • Cill Mhic Thomáisín 
  • Dún Mór 
  • Tulach an Iarainn

Nuair a bheidh sé tógtha, cuirfidh an scéim ionad nua agus nua-aimseartha cóireála fuíolluisce ar fáil i ngach ceann de na bailte agus na sráidbhailte thuasluaite. Beidh an tógáil i dhá chéim, is iad sin:

  1. Córais bhailiúcháin do gach bhaile/sráidbhaile a chuimseoidh píobáin séarachais agus stáisiúin chaidéil, mar is gá. Ligfear gach córas bailiúcháin i bhfoirm chonartha faoi leith.
  2. Ligfear na seacht n-ionad cóireála fuíolluisce mar aon chonradh amháin. Dearfaidh, tógfaidh agus oibreoidh an conraitheoir rathúil na seacht n-ionad cóireála ar feadh tréimhse 20 bliana.

Is iad na príomhchuspóirí atá i gceist leis an scéim ná cóireáil imleor séarachais a sholáthar do gach baile/sráidbhaile chun na Rialacháin um Chóireáil Fuíolluisce Uirbigh, 2001 a chomhlíonadh, agus chun forbairt inchothaithe (inbhuanaithe...) a cheadú laistigh de gach ceann de na bailte agus sráidbhailte. Cinnteoidh dearadh na scéimeanna séarachais go mbeidh acmhainn imleor ar fáil faoin mbliain 2025. Liostáileann an tábla seo a leanas an acmhainn deartha do gach baile agus sráidbhailte ó thaobh choibhéis daonra (CD) de:

Láthair Acmhainn deartha (CD) 
Aird Mhór 3,377
An Baile Dubh/Cill Mhíodáin 1,433 
Ceapach Choinn 2,754 
Dún Mór 8,314 
Cill Mhic Thomáisín  1,902 
An tSráidbhaile 1,185 
Tulach an Iarainn 2,527 

Is é an costas reatha conartha, arna mheas, don scéim ar fad agus €46.9 milliún. Tosaíodh obair ar an gcóras bailiúcháin i dTulach an Iarainn i Meán Fómhair 2007 agus meastar go mbeidh na hoibreacha go léir críochnaithe faoi 2011 déanach/2012 luath.

wai-aa Valid CSS! Valid XHTML 1.0 Transitional browsealoud_logo
Excellence through Accessibility Committed Award Privacy Logo Sitemap Logo Share/Bookmark
Add | Edit