Tagann sloda ó chóireáil uisce agus ó chóireáil fuíolluisce araon. Tá straitéis arna fhorbairt ag Comhairle Contae Phort Láirge chun sloda a bhainistiú sna blianta amach romhainn. Séard atá i gceist leis an straitéis ná go rachaidh sloda ó na hionaid éagsúla chóireáil fuíolluisce isteach i dhá fho-ionaid, ceann acu in oirthear an chontae agus ceann acu in iarthar an chontae. Tógfar an t-uisce amach as an sloda agus ansin rachaidh sé go dtí lárionad cóireála áit a mbeidh na bithsholaid deiridh oiriúnach do thalmhaíocht (athúsáid inchothaithe). Coimisiúnaíodh an lárionad i 2007, agus soláthrófar an fo-ionad iartharach i gcomhar le conarthaí an Scéim Shéarachais na Sráidbhailte le Chéile. Forbrófar moltaí i dtaobh an fho-ionad oirthearaigh i 2008. Tá an Rannóg Sheirbhísí Uisce de chuid na Roinne Comhshaoil tar éis €2.895m a chur ar fáil mar infheistíocht chun an straitéis a chur i bhfeidhm.

wai-aa Valid CSS! Valid XHTML 1.0 Transitional browsealoud_logo
Excellence through Accessibility Committed Award Privacy Logo Sitemap Logo Share/Bookmark
Add | Edit