An Staidéar Measúnaithe agus Bainistithe ar Bhaol Tuile i nDobharcheantar na Siúire
Déar, 07 Lún 2008 09:32:00 BST
Water Services

Tá Oifig na nOibreacha Poiblí ag glacadh mar chúram uirthi féin an Staidéar Measúnaithe agus Bainistithe ar Bhaol Tuile i nDobharcheantar na Siúire mar chuid de chur chuige nua dobharcheantarbhunaithe an Rialtais mar gheall ar bhainistiú bhaol tuile. Tá an staidéar arna dhearadh chun seachadadh ar bhunghnéithe den Pholasaí Náisiúnta um Thuilte agus an Treoir de chuid an AE um Measúnú agus Bainistiú Bhaol Tuile.

Tá an staidéar á chur chun tosaigh roimh an gClár Náisiúnta Chur i nGníomh agus séard a dhéanfaidh sé ná limistéir atá i mbaol de thuile (anois agus amach anseo) a aithint agus a léarscáiliú laistigh de dhobharcheantar na Siúire chomh maith le plean straitéiseach fadtéarmach a fhorbairt le haghaidh bhainistiú fhoriomlán bhaol tuile laistigh den dobhharcheantar.

Tá Comhairle Contae Phort Láirge -- agus na húdaráis áitiúla eile atá i gceist -- ag obair lámh i lámh le hOifig na nOibreacha Poiblí sa tionscadal seo agus tá ionadaíocht aici ar an ngrúpa stiúrtha atá ann.

Níl an comhad seo ar fáil as Gaeilge, cliceáil anseo le haghaidh an leagain Bhéarla.


An Staidéar Measúnaithe agus Bainistithe ar Bhaol Tuile i nDobharcheantar na Siúire (adobe .pdf, 2,355 kbs)

Measúnú Riachtanas maidir le Seirbhísí Uisce 2007-2009

Measúnú Riachtanas maidir le Seirbhísí Uisce 2007-2009
Déardaoin 17 Eanáir 2008 15:30:00 MAG
Seirbhísí Uisce

B'éigean d'údaráis áitiúla measúnú nuashonraithe riachtanas a ullmhú le haghaidh oibreacha caipitiúla sheirbhísí uisce laistigh dá limistéir riaracháin i 2006 toisc gur mó an fhorbairt a rinneadh le roinnt blianta anuas. Rinneadh an measúnú deireanach de chuid Chomhairle Contae Phort Láirge i 2004. Séard a bhí i gceist leis an measúnú sin ná an tréimhse 2003-2006, agus chuir sé an bunús ann le haghaidh fhaomhadh agus sceidealadh scéimeanna faoi chúpla chlár infheistíochta sheirbhísí uisce.

I dtreo dul chun cinn a mheas ó rinneadh na measúnuithe deireanacha, agus chun cur ar aghaidh , i gcéimeanna, an chlár infheistíochta a éascú suas le agus le linn an chéad Phlean Náisiúnta Forbartha eile (2007-2013), sainaithníonn an tuairisc seo measúnú nua riachtanas. Is oth linn a rá nach bhfuil na cáipéisí seo ar fáil ina leaganacha Gaeilge fós -- tá siad ar fáil i mBéarla amháin faoi láthair -- ach beidh na leaganacha Gaeilge ag teacht ar an saol gan móran moille.

Níl an comhad seo ar fáil as Gaeilge, clicéail anseo le haghaidh an leagain Bhéarla

Clár, i mBéarla (68kb)

Measúnú Riachtanas 2007-2009, i mBéarla (709kb) -- an phíomhthuairisc, a shonraíonn riachtanais sheirbhísí uisce le haghaidh infheistíochta idir 2007 agus 2009 agus idir 2009 agus 2014

Tábla 4.2, i mBéarla (90kb) -- daonra measta, faoi láthair agus amach anseo, de réir chriosanna lonnaithe

Tábla 4.3, i mBéarla (92kb) -- an t-éileamh atá agus a bheidh ann, de réir meastacháin, ar uisce (de réir lonnaíochta)

Táblaí A agus B, i mBéarla (64kb) -- achoimre ar riachtanais infheistíochta sheirbhísí uisce

wai-aa Valid CSS! Valid XHTML 1.0 Transitional browsealoud_logo
Excellence through Accessibility Committed Award Privacy Logo Sitemap Logo Share/Bookmark
Add | Edit