|
County Waterford, Ireland
|
||
![]() |
||
| You are here: Baile > Seirbhísí > Seirbhísí Uisce > Tránna agus Caighdeán an Uisce | ||
Tránna Brataí Goirme laistigh de Chontae Phort LáirgeTá sé thrá brait ghoirm, faoi láthair, leagtha amach i gContae Phort Láirge -- cuirtear isteach iarratais ar bhonn bliantúil le hiarraidh céim an bhrait ghoirm a bhaint amach.
Gradaim i mBliana (2008)Ag tús mhí an Mheithimh, bronnadh dhá bhrat gorm ar Phort Láirge le haghaidh séasúir fholctha 2008. Ba iad na tránna ar bronnadh iad orthu ná, Trá Chluain Fhia Dún Mór (Trá na gComhairleoirí?) Conas is féidir LEATSA cabhrú. Tránna Brataí GoirmeCad atá i gceist -- go díreach -- leis an mbrat gorm? Gradam comhshaoil atá deonach, agus aitheanta timpeall an domhain, do thránna agus marinas, is ea an brat gorm. Tá gá d'aon trá, nó marina, teacht le grúpa critéar faoi leith ionas go mbainfidh sé an brat gorm amach.
Is í an chuspóir atá laistiar den chlár ná tuiscint a ardú mar gheall ar chúrsaí comhshaoil agus iompar maith comhshaoil a chur chun cinn i measc pobal áitiúil agus turasóirí -- agus, ina theannta seo, nósanna imeachta thar barr a chur chun cinn i measc lucht bainistíochta na dtránna agus na marinas féin. Tá sé de chuspóir go mbeidh baint ag na critéir leis an reachtaíocht atá ann i ngach aon tír. Cinntíonn sé seo go gcloítear leis an reachtaíocht -- agus, i gcásanna áirithe, socraíonn an brat gorm, tar éis tamaill, slat tomhais níos airde ná siúd atá i bhfeidhm cheana féin. Tá gradam an bhrait ghoirm tar éis a fhorbairt ina siombail den ardchaighdeán agus tá sí aitheanta ar fud na cruinne. Is féidir úsáid a bhaint aisti le haghaidh chur chun cinn trá nó marina. |
||
| Add | Edit | ||