An Scéim Chóiríochta ar Cíos

Scéim nua is ea an Scéim Chóiríochta ar Cíos do dhaoine atá ag fáil cíosa fhorlíontaigh fhadtéarmaigh (18 mí agus níos mó) a measann Comhairle Contae Phort Láirge fúthu go bhfuil riachtanas fadtéarmach tithíochta acu.

Tiarnaí tithe

Déanfaidh Comhairle Contae Phort Láirge conarthaí le soláthróirí cóiríochta, tiarnaí tithe, úinéirí réadmhaoine agus gníomhairí eastáit agus ligin.

Tógfaidh Comhairle Contae Phort Láirge an fhreagracht uirthi féin íocaíochtaí iomlána míosúla a dhéanamh le linn an chonartha. Ní bheidh ar an tiarna tí cíos a bhailiú nó folúntais a líonadh agus íocfaidh an Chomhairle cíos fiú má tá an réadmhaoin neamhshealbhaithe.

Tionóntaí

Cuirfidh an scéim breis cóiríochta de chaighdeán ard ar fáil do dhaoine atá ag fáil cíosa fhorlíontaigh agus cabhróidh sé leis na húdaráis áitiúla tithíocht fhadtéarmach a chur ar fáil do dhaoine a bhfuil sí de dhíth orthu.

Tugann an Scéim Lóistín ar Cíos tearmann fadtéarmach do thionóntaí de chóiríocht atá ligthe ar cíos go príobháideach, agus rochtain dóibh chomh maith ar réimse tacaí tithíochta.

wai-aa Valid CSS! Valid XHTML 1.0 Transitional browsealoud_logo
Excellence through Accessibility Committed Award Privacy Logo Sitemap Logo Share/Bookmark
Add | Edit