Conas is Féidir leis an Oifigeach Idirchaidrimh Tiónóntaí Cabhrú?

Más mian leat a bheith rannpháirteach i nGrúpa Cónaitheoirí atá ann, nó dá mbeadh suim agat Grúpa Cónaitheoirí nua a bhunú, ba cheart duit dul i dteagmháil leis an Oifigeach Idirchaidrimh Tionóntaí ag na hOifigí Cathartha, Dún Garbhán, guthán: 058 21153. Cabhróidh an tOifigeach Idirchaidrimh Tionóntaí oiliúint do bhaill Choiste a chur ar fáil, tionscnaimh phobail a chur ar aghaidh, agus rachaidh sé/sí go dtí cruinnithe más gá agus, más gá arís, beidh sé/sí ina c(h)athaoirleach orthu. Reáchtáileann an tOifigeach Idirchaidrimh Tionóntaí cúrsaí réamhthionóntachta chomh maith. Tá na cúrsaí seo éigeantach anois do gach tionónta nua agus soláthraíonn siad deis iontach do thionóntaí nua aithne a chur ar a chéile agus gaolta maithe pobail a chruthú. Clúdaíonn an cúrsa réamhthionóntachta gach ceist a bhaineann le do thionóntacht, mar shampla do chíos, na cearta agus na freagrachtaí atá agat mar thionónta, iompraíocht fhrithshóisialta agus cothabháil do thí. Tá seans go dtiocfaidh cainteoirí aoi éagsúla go dtí na cruinnithe seo, mar shampla gardaí, Seirbhís Bhuiséadta agus Chomhairle Airgid, Cléireach Oibre, an Bord Gáis/an BSL agus mar sin de.

Oiliúint Tionóntachta

Socróidh an tOifigeach Idirchaidrimh Tionóntaí cúrsa réamhthionóntachta a dhéanamh le gach iarrthóir rathúil tithíochta. Clúdaíonn an oiliúint na freagrachtaí a bheidh ag gach tionónta agus tá ar gach tionónta conradh réamhthionóntachta a shíniú.

wai-aa Valid CSS! Valid XHTML 1.0 Transitional browsealoud_logo
Excellence through Accessibility Committed Award Privacy Logo Sitemap Logo Share/Bookmark
Add | Edit