|
County Waterford, Ireland
|
||
![]() |
||
| You are here: Baile > Seirbhísí > Tithíocht > Bainistíocht Eastáit > Iompraíocht Fhrithshóisialta | ||
Meastar go mbíonn iompraíocht fhrithshóisialta ann nuair a ghoilleann iompar duine nó clainne ar chaighdeán beatha na comharsanachta iomláine.Gníomhartha a Meastar fúthu go mbíonn Iompraíocht Fhrithshóisialta i gCeist Leo
Dearcadh Phort Láirge – Ag Obair i dtreo NEAMHfhulaingt na hIompraíochta FrithshóisialtaCuimsíonn an tAcht Tithíochta (Forálacha Éagsúla) 1997 cuid forálacha a bhaineann le hIompraíocht Fhrithshóisialta i dtithe agus eastáit atá ligthe ar cíos ag an gComhairle. Ceadaíonn an reachtaíocht seo dúinn ligean tí a dhiúltú nó a chur ar athlá, nó diúltú d’iarratas ó thusa mar thionónta teach a cheannach, má tá nó má bhí baint agatsa mar iarrthóir le hiompraíocht fhrithshóisialta, nó mura mbeadh an ligean nó an díolachán ar mhaithe le bainistíocht maith eastáit. Is féidir linn, chomh maith, diúltú do hiarrthóirí nach dtugann go leor eolais dúinne mar bhur gComhairle. Chomh maith le seo, is féidir linn diúltú d’athdhíolachán tí thionónta-cheannaithe do dhiúlach a bhfuil baint aige nó aici le hiompraíocht fhrithshóisialta ar fhoras go bainistíocht maith eastáit mar a bhfuil gá le haontú na Comhairle d’athdhíolachán. Cuirfimid Alt 3 d’Acht 1997 (Ordú Eisiatachta) i bhfeidhm i gcónaí más cuí, agus muid ag déileáil le daoine a bhfuil baint acu le hiompraíocht fhrithshóisialta, chun díbirt theaghlaigh iomláin, más féidir, a sheachaint. An Gearán a ThaifeadadhTá nós imeachta gearán bunaithe againn chun déileáil le tarluithe iompair fhrithshóisialta arna shainmhíniú ag an Acht Tithíochta (Forálacha Éagsúla) 1997. Glacfar le gearáin i scríbhinn ar ár bhfoirm oifigiúil atá ar fáil ón Rannóg Tithíochta. De ghnáth, is ionann gearáin nach gclúdaíonn sainmhíniú an Achta 1997 agus sáruithe do chomhaontaithe thionóntachta agus imscrúdaítear iad seo chomh maith. Ní ghlacann Comhairle Contae Phort Láirge le gearáin anaithnide, agus ní imscrúdaítear iad seo. Seirbhís rúnda is ea an córas gearán agus déantar gach iarracht aitheantas an ghearánaithe a chosaint. Ní imscrúdófar gearáin i gcoinne úinéirí réadmhaoine príomháidí ná ceannaitheoirí tionóntaí mar tá sé seo taobh amuigh de théarmaí tagartha na n-Achtanna 1966 agus 1997. Ag féachaint don leibhéal acmhainní a bheadh ar fáil, ní imscrúdófar gearáin i gcoinne daoine gan aithint. Glacfaidh Comhairle Contae Phort Láirge polasaí an-docht maidir le tionóntaí a bhfuil baint acu le mangaireacht drugaí as ár dtithe Comhairle agus breithneoidh sí iarratas a dhéanamh ar Ordú Eisiatachta nó ar fhreastal Fhógra Scoir. Ní fhreastalófar tionóntaí le litreacha rabhaidh a bhfuil baint acu le, nó ciontú acu as, mangaireacht drugaí as tithe Comhairle. Srian a Choimeád ar AinmhitheAn bhfuil cead agam peataí a choimeád i mo theach?
Déan teagmháil lenár maor madraí le do thoil chun breis eolais a fháil. Ní peataí clóis capaill, muic agus éanlaith tíreachais Srianadh Capall |
||
| Add | Edit | ||