Aire a thógáil de do theach

Is ar mhaithe leat féin atá sé déanamh cinnte go gcothabháiltear do theach chomh maith agus is féidir. Mar riail ghinearálta, is fút féin atá sé aire a thógáil de thaobh istigh do thí, i dteannta leis an ngairdín agus a ballaí teorann, fálta agus geataí.

Deisiúcháin do Thithe Nua

Is é cúram an tógálaithe aon fhabhtanna i dteach nua i rith an chéad sé mhí. Is féidir gearáin a dhéanamh don Oifigeach Deisiúcháin ag 058 20868 sa Rannóg Tithíochta agus ansin seolfar ar aghaidh iad go dtí na tógálaithe oiriúnacha.

Tionónta Nua de Sheanréadmhaoin atá i nGátar Deisithe

Imscrúdóidh ár gCléireach Oibre an réadmhaoin agus tabharfaidh sé tuairisc ar aon deisiúcháin a aithníodh. Deiseofar oibreacha éigeandála ar nós fabhtanna leictreachais nó pluiméireachta sula mbogfaidh tú isteach agus is féidir aon mhionoibreacha a dhéanamh tar éis duit bogadh isteach má tá sé seo socraithe.

Tuairisc a Thabhairt ar Dheisiúcháin

Ba cheart tuairisc a thabhairt ar dheisiúcháin don Oifigeach Deisiúcháin ag 058 20868 áit a dtaifeadfar é agus a seolfar ar aghaidh é go dtí an duine oiriúnach. Agus tuairisc á tabhairt agat ar aon deisiúchán ba cheart duit d'ainm, do sheoladh agus d'uimhir ghutháin a lua, i dteannta le cur síos ar an deisiúchán.

Oibreacha ar do Theach

Ní cheadaítear d'aon oibreacha taobh istigh do theach nó taobh amuigh ach oiread gan cheadú i scríbhinn ó Chomhairle Contae Phort Láirge mar do thiarna tí, mar shampla tógáil nó baint seide, obair structúrtha inmheánach nó seachtrach srl. – déan teagmháil linn i gcónaí mura bhfuil tú cinnte.

Freagracht Chothabhála

  • Mar do thiarna tí, cosnaímid an ceart iniúchadh a dhéanamh ar do theach ó am go ham. Tá samplaí thíos de dheisiúcháin a gcaithfidh tusa mar thionónta a dhéanamh.
  • Glais agus boltaí in ionad glas agus boltaí lochtacha.
  • Suiteáil ghlas agus bholtaí breise.
  • Eochracha in ionad.
  • Colbhaí tine, agus teallaigh agus tinteáin in ionad.
  • Doirse inmheánacha in ionad nó deisiú doirse inmheánacha – agus boscaí litreacha.
  • Cláir sciorta in ionad nó deisiú clár sciorta.
  • Deisiú agus cothabháil fheistiú cistine, i.e. cófraí agus doirse aonaid, insí, murláin, glais, laistí agus tarraiceáin san áireamh.
  • Mionscoilteanna sa phlástar (tar éis na chéad bhliana sa teach nua).
  • Srianadh lotnaidí, a chuimseodh lucha agus francaigh.
  • An simléar a scuabadh dhá uair sa bhliain ar a laghad.
  • Cothabháil sheideanna breosla agus chróite.
  • Féar agus fálta timpeall na réadmhaoine a ghearradh.
  • Duilleoga agus glár srl. a ghlanadh amach ó gháitéir.
  • Aonaid téimh lárnaigh a chothabháil, agus fónamh a dhéanamh orthu uair gach bhliain.
  • Díobháil chomhdhlúthaithe.
  • Brathadóirí aláram dóiteáin, i.e. ceallraí in ionad ceallraí lochtacha.
  • An taobh istigh de do theach a athmhaisiú.
  • Miondeisúcháin nuair is gá.
  • Do theach a choimeád sláinteach agus glan ó bhruscar an t-am ar fad.
  • Gach deisiúchán gloine d'fhuinneoga agus do dhoirse.
  • Téitheoirí tumtha.
wai-aa Valid CSS! Valid XHTML 1.0 Transitional browsealoud_logo
Excellence through Accessibility Committed Award Privacy Logo Sitemap Logo Share/Bookmark
Add | Edit