|
County Waterford, Ireland
|
||
![]() |
||
| You are here: Baile > Seirbhísí > Tithíocht > Daoine gan Dídean | ||
Conas is féidir linne cabhrú?Is féidir linn cóiríocht a chur ar fáil go díreach do dhaoine gan dídean, socruithe a dhéanamh le forais dheonacha le haghaidh cóiríochta, cabhair airgid nó eile a chur ar fáil agus, más gá, cóiríocht phríobháideach a shocrú. Meastar go bhfuil duine gan dídean...
Is féidir le daoine gan dídean atá i ngátar tithíochta buaine iarratas a chur isteach ar thionóntacht. Má tá siad i dteideal cuirfear ar an liosta feithimh iad. Braithfidh an méid ama a gcaithfidh siad fanacht le leithdháileadh tionóntachta ar an éileamh tithíochta atá sa cheantar agus ar a ndála féin ar an liosta feithimh. B'fhéidir go mbeidh cóiríocht bhrú ar fáil ar bhonn oícheanta. Leaba is BricfeastaD'fhéadfaí cóiríocht leaba is bricfeasta a chur ar fáil nuair atá riachtanais an duine nó an teaghlaigh gan dídean práinneach agus nach bhfuil aon chóiríocht oiriúnach bhrú ar fáil.B'fhéidir gur rogha oiriúnach do roinnt daoine gan dídean cóiríocht phríobháideach ligthe ar cíos. D'fhéadfaí cuid den chíos a íoc faoin Scéim Liúntas Leasa Forlíontach. Is faoi Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) atá cinntí maidir le cabhair chíosa. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh lenár n-oibrí sóisialta ag: guthán, 058 20887 le haghaidh breis eolais. |
||
| Add | Edit | ||