|
County Waterford, Ireland
|
||
| You are here: Baile > Údaráis Áitiúla > Comhairle Baile an Leasa Mhóir > Armas an Bhaile | ||
Armas an BhaileArmas Baile an Leasa MhóirBronnadh an Armais – Coimisinéirí Bhaile an Leasa Mhóir Blianta ó shin d’aithin Coimisinéirí an Bhaile an gá atá ann do chomhairle phoiblí a harmas féin a bheith aici. I 1995 rinneadh cinneadh an príomharalt a achainí. Tugadh an próiseas seo chun críche sásúla nuair a bhronn an tUas. Fergus Gillespie, leasphríomharalt, a armas féin ar na Coimisinéirí i Lúnasa seo caite. Ar an armas tá léirithe: Caisleán an Leasa Mhóir, agus dath an óir air (dath an rathúnais) i gcoinne cnoc glas Contae Phort Láirge (dath na torthúlachta); sa spéir os cionn an chaisleáin tá Leabhar an Leasa Mhóir agus bachall an Leasa Mhóir, agus an bradán ag snámh san Abhainn Mhór – comhartha ársa Éireannach ar an ngaois nó an chríonnacht is ea an bradán. Roghnaíodh an mana “Is onórach an chathair.” Bhí sé seo cuí, síleadh, os rud é gur ársa agus seanda an lonnaíocht mainistreach é Lios Mór. Tagann an frása seo ó Shaol Naomh Mochuda, pátrún an Leasa Mhóir. |
||
| Add | Edit | ||