|
County Waterford, Ireland
|
||
| You are here: Baile > Údaráis Áitiúla > Comhairle Baile an Leasa Mhóir > Nascadh Bailte le New South Wales > An Searmanas | ||
An SearmanasAn SearmanasÚsáideadh an t-idirlíon chun an dá bhaile a nascadh. Mhair an ceangal 90 noiméad agus ag an deireadh síníodh conradh "ar aer" a nasc an dá phobal. Seo é téacs an conradh nascadh bailte: "Is mian le baile an Leasa Mhóir i gContae Phort Láirge i bPoblacht na hÉireann agus Cathair Lismore san Astráil caidreamh a chur chun cinn ach naisc na hoidhreachta atá ann eadrainn a fhorbairt. Is mian linn go n-oibreoidh ár ndá phobal le chéile agus go malairteoidh siad lena chéile smaointe agus eolas a bhaineann leis an gcultúr agus le cúrsaí sóisialta agus tráchtála -- ionas go rachaidh an dá Lismore ar aghaidh le chéile. Táimid ag spreagadh na bpobal cláir mhalartaithe a chothú maidir le spórt, leis na healaíona agus leis an oideachas. Bunús is ea na cláir mhalartaithe seo chun cairdeas, dea-thoil agus tuiscint a chruthú." Rinne na cathaoirligh aitheasc foirmiúil agus rinne gach ball de na coimisinéirí aitheasc mar gheall ar an oideachas, forbairt, turasóireacht, na bailte slachtmhara agus mar sin de. Thug an tUas. Julian Walton, Staraí, UCC, tuairisc ar stair shaibhir an bhaile. Ag an deireadh craoladh fís deich noiméad ar gach ceann den dá bhaile. Leis seo, tugadh isteach ré nua i stair rialtas áitiúil. Sa todhchaí, táimid ag féachaint ar ceangal cosúil leis an gceann seo maidir lenár scoileanna. |
||
| Add | Edit | ||