|
County Waterford, Ireland
|
||
| You are here: Baile > Údaráis Áitiúla > Comhairle Baile an Leasa Mhóir > Nascadh Bailte le New South Wales > Tugann an Cléireach Baile Cuairt ar Lismore, NSW | ||
Tugann an Cléireach Baile Cuairt ar Lismore, NSWTugann an Cléireach Baile Cuairt ar Lismore, NSWAg an gcruinniú i bhFeabhra de chuid na Comhairle dúirt an Cléireach Baile gur thug sé cuairt, agus é san Astráil ar thuras príobháideach, ar an gcathair nasctha Lismore i New South Wales. Ansin chuir sé fís deich nóiméad faoi Lismore, New South Wales ar siúl -- agus an fáiltiú a cuireadh ar siúl dó. Dúirt sé gur mhór an ómós é a bheith ábalta cuairt a thabhairt ar an gcathair agus ghabh sé buíochas leis an Méara Merv King, leis an mbainisteoir ginearálta Paul O'Sullivan agus, go deimhin, le muintir Lismore as cuairt thaitneamhach a chur ar fáil dó. Dúirt sé go bhfuair sé fáilte croíúil go háirithe ag Ardeaglais Naomh Mhochuda agus ghabh sé buíochas leis an easpag agus le daltaí mheánscoileanna Trinity agus Woodlawn as an bhfáilte a chuir siad roimhe. Dúirt sé gur thug an cuairt -- fiú má bhí sé príobháideach -- seans dó an saghas saoil atá ag na daoine ann a fheiceáil. Dúirt sé gur léirigh muintir na háite an-spéis in Éirinn -- agus go háirithe i Lios Mór Chontae Phort Láirge. Dúirt sé go raibh suim ag gach aon duine an nasc idir an dá phobal a bhrú chun cinn. Dúirt sé gur cheart clár malartaithe a spreagadh idir na scoileanna ansin agus Pobalscoil na hAbhann Móire. Dúirt sé, chomh maith, go mbeidh comóradh céad bliain Ardeaglais Naomh Mhochuda ann i 2007 agus go mbeadh sé cuí dá ndéanfaimis ómós do shin. Chríochnaigh sé á rá gur iontach an eachtra a bhí ann agus nach ndéanfaidh sé dearmad air go deo toisc gur cuireadh an-fháilte roimhe. |
||
| Add | Edit | ||