Páirc na Mílaoise

Páirc na Mílaoise i Lios Mór

Bunús
Ba é an grúpa Forbairt Lios Mór Mhochuda a cheap páirc na mílaoise. Glacadh leis go raibh gá le pointe fócasach sa bhaile agus aontaíodh go gcuirfeadh an pháirc rud ar díol spéise do thurasóirí ar fáil chomh maith le tairbhe do lucht an bhaile. Bhí bainisteoir an chontae an tUas. Dónal Connolly sásta leis an tionscadal ón tosach agus chuir sé maoiniú mór ar fáil dó. Aontaíodh gurbh í an Chomhairle féin a dhéanfadh an obair. Chuir an grúpa Lios Mór Mochuda €10,000 le costas na páirce agus rinne Comhairle Contae Port Láirge suas an méid eile den chostas.

Tosaíodh ar obair i 2001 luath agus osclaíodh an pháirc don phobal ar 14 Bealtaine 2002.

Suíomh
Bhí an t-ádh dearg ar Lios Mór os rud go raibh suíomh ar fáil ann a bhí i seilbh Eastát an Leasa Mhóir. Is ionann an suíomh, atá i lár an bhaile, agus acra agus bhí sé go trom faoi chrainn. Socraíodh comhaontú idir Caisleán an Leasa Mhóir agus Comhairle Contae Phort Láirge mar gheall ar léas fadtéarmach. Tá an pháirc féin lárnach ó thaobh go leor áiseanna de -- mar shampla an carrchlós agus an leithreas poiblí.

wai-aa Valid CSS! Valid XHTML 1.0 Transitional browsealoud_logo
Excellence through Accessibility Committed Award Privacy Logo Sitemap Logo Share/Bookmark
Add | Edit