|
Contae Phort Láirge, Éire
|
||
| Tá tú anseo: Baile > Údaráis Áitiúla > Comhairle Baile an Leasa Mhóir > Stair Ghearr | ||
Stair GhearrTweetStair GhearrChraol Julian C. Walton an méid a leanas ar Raidió Áitiúil Phort Láirge (WLR FM) mar chuid den shearmanas nasc bailte a bhí ar siúl ar 31 Deireadh Fómhair 2000. Tá baile an Leasa Mhóir i gContae Phort Láirge suite go breá ar bhruacha na hAbha Móire, ag bun Sléibhte Chnoc Mhaoldomhnaigh. Cé go dtéann go leor de lár an bhaile s sa stair go dtí an 19ú haois, síneann fréamhacha stairiúla an Leasa Mhóir siar thar mhíle bliain níos luaithe, go bunú mainistreach anseo ag Naomh Mochuda i 636. De réir na miotaseolaíochta, nuair a bhí an mhainistir á tógáil, d’iarr bean díthreabhaigh ar Mhochuda cad a bhí a chuid manach ag déanamh. Nuair a d’inis sé di go raibh siad ag tógáil dúin bhig nó leasa bhig, dúirt sise leis: “Ní lios beag a thógfaidh sibh anseo, ach lios mór!” Is sin is ciontach leis an ainm Lios Mór. Chuimsigh mainistreacha Ceilteacha cúpla foirgneamh beag, cúpla séipéal cloiche san áireamh, taobh istigh de chró daingnithe. Is cosúil gur mar seo a d’fhéách Lios Mór, go leanúnach, don chúpla céad bliain tar éis sin. Ainneoin a gcruth umhal, ba mhainistreacha mar seo a choiméad lóchrann na sibhialtachta beo tar éis thurnamh na hImpireachta Rómhánaí agus na n-ionraí Barbarach. Áiteanna iontacha ab ea iad urnaithe agus léinn. Tháirg siad saothair ealaíne ar nós Leabhar Cheanannais a mbíonn iontas ar an domhan fós sa lá atá inniu ann nuair a fheictear iad! Scaip misinéirí na mainistreacha sin Briathar Dé ar fud Mhór-Roinn na hEorpa. Bhí “Lios Mór Mochuda” ar cheann de phríomhmhainistreacha na hEaglaise in Éirinn. Ón áit seo, sa 7ú haois, thaistil Mochuda Naofa thall go Taranto i nDeisceart na hIodáile le mainistir nua a bhunú. Sa 12ú haois bhí Lios Mór chun tosaigh i ngluaiseacht ollmhór iarracht a dhéanamh an Eaglais in Éirinn a thabhairt i gcomhréir le Mór-Roinn na hEorpa, rud a chuir Maológ, iarscoláire i Lios Mór, i gcrích – ba é Maológ, mar Ardeaspag Ard Mhacha, príomháidh na hÉireann agus, tar éis a bháis, ba eisean an chéad eaglaiseach Éireannach le bheith naomhainmnithe. Tháinig na Lochlannaigh go dtí Lios Mór go minic, le creach a dhéanamh ar an áit, ach trí na blianta suaite seo mhair an mhainistir. Ansin i 1171 tháinig Henry II, Rí na Sasanach, go dtí an áit, a tháinig go hÉirinn ar an gcéad dul síos lena údarás a chur i gcrích thar bharúin Normannacha agus taoisigh Ghaelacha araon. Nuair a tháinig an rí Sasanach go Lios Mór bhuail sé leis an easpag, arbh é an t-ionadaí don Phápa in Éirinn chomh maith, agus chuir an rí an Eaglais in Éirinn faoi smacht Normannach. I 1185 thóg mac an rí sin, an Prionsa John, caisleán taobh amuigh den bhaile. Is féidir fuílligh an chaisleáin seo, a chuimsíonn carn ollmhór ar a raibh sna seanlaethanta túr adhmaid, fós a fheiceáil. Taobh istigh den bhaile thóg easpaig an Leasa Mhóir caisleán cloiche. I 1590 dhíol an t-easpag Protastúnach seo do Walter Raleigh, an fiontraí Eilíseach a raibh ról fola aige an tÉirí Amach i nDeasumhain a bhrú faoi chos. Dá dheasca seo, tar éis beagnach míle bliain, d’fhág Lios Mór úinéireacht na hEaglaise agus ghluais an áit isteach i seilbh phríobháideach. I 1602, dhíol Raleigh, a bhí ar shlí a aimhleasa anois, Lios Mór do Richard Boyle, Iarla Chorcaí amach ansin, a d’éirigh chomh láidir sin go raibh sé, tar éis tamaill, ar cheann de na daoine is saibhre agus cumhachtaí sa tír. Chuir Boyle faoi i Lios Mór agus d’atóg sé seanchaisleán na n-easpag ar mhórchóir. Le linn chogaí na 1640í rinne na hÉireannaigh léigear ar an bhfoirgneamh cúpla uair, a bhí meáite ar na tailte a thóg réimeas Eilíse uathu a bhuachan ar ais. Ghabh na hÉireannaigh an áit faoi dheireadh i 1645 agus d’fhan sí ina seilbh go dtí theacht Chromail. I 1753 chuaigh sí ó dhuine go duine arís, nuair a tháinig an Diúc Devonshire i gcomharbacht ar eastáit Éireannacha Iarlaí Chorcaí. Baile Éireannach na ndiúc is ea é ó shin. Sa 19ú haois atógadh an caisleán go niamhrach; rinne Sir Joseph Paxton go leor den obair, an garraíodóir-ailtire cáiliúil arbh a chruthú is cáiliúla an Pálás Criostail i Londain. Sá lá atá inniu ann tá sé, lena thúir ollmhóra ar mheá go drámatúil thar an Abhainn Mhór, cinnte ar cheann de na foirgnimh is mórthaibhshí in Éirinn. I 1814 tháinig oibrithe, i seoimrín folaithe, ar dhá chuimhneachán iontacha d’iarghlóir mheánaoiseach an Leasa Mhóir: bachall easpaig na 12ú aoise agus lámhscríbhinn ón 15ú haois ar a raibh breactha saolta na naomh. Tá go leor rudaí stairiúla eile le feiceáil i Lios Mór. Tá Ardeaglais Naomh Mhochuda ann (a bhaineann le hEaglais na hÉireann), lena mhothúchán síochána agus suaimhnis. Tá spuaic galánta aici, agus taobh istigh tá cuid leac uaighe Ceilteach agus séadchomhartha ar leithligh ón 16ú haois – de chlann Mhic Craith. Is cruthú breá an séipéal paróiste Caitliceach, a rinne ailtire Éireannach na 19ú aoise déanaí Walter Doolin. Ba le fís Diúc Devonshire sna 18ú agus 19ú haoiseanna bunús an teach cúirte agus go leor eile de na seanfhoirgnimh breátha. Tá baint ag cúpla duine cáiliúil le Lios Mór. Rugadh Robert Boyle, fealsamh-eolaí na 17ú aoise (Dlí Boyle), an mac is óige a bhí ag an Bhí grá ar leith ag an úrscéalaí Victeoiriach Thackeray do Lios Mór agus a thimpeallacht; chuir sé síos faoin áit mar “chuid den dúiche is breátha, is saibhre, a bhfacthas riamh.” Lena stair fhada, a caisleán agus ardeaglais, a siúlóidí deasa baile, abhann agus coille, agus cúlra na sléibhte taobh thiar di, is áit aoibhinn í i ndáiríre. Ach cén fáth muinín a bheith agat as Thackeray – nó mise? Tar anseo agus fan go bhfeice tú duit féin é! An tUas. Julian C. Walton. Craoladh an méid thuas ar an 31 Deireadh Fómhair 2000 ar WLR FM, don chlár “On This Day.” |
||
| Add | Edit|Direct Edit | ||