Páirceáil i nDún Garbhán

Páirceáil i nDún Garbhán

Parking SignTá cúpla limistéar páirceála i nDún Garbhán.

Páircéail ar an tsráid
Faigh ticéad páirceála ag méadar ar €1.10 an uair. Tá an chéad leathuair saor in aisce, ach nuair atá ticéad ceannaithe agat níl sé bailí ach le haghaidh aon uair amháin. Níl cead agat fanacht ag páirceáil níos mó ná uair go leith.

Carrchlóis
Oibríonn Comhairle Baile Dhún Garbhán dhá charrchlós -- ag Clós Uí Scanláin agus ag iarshuíomh Ghlanbia. Oibríonn na carrchlóis seo trí chóras íoc agus taispeáin. Chun páirceáil sna carrchlóis seo, cosnaíonn sé €1.10 an uair nó cuid de. I Clós Uí Scanláin, tá ráta faoi leith sa lá de €3.30. Ba cheart an ticéad seo a fháil ón méadar nuair a thagann tú ann.

Tá maoir thráchta i nDún Garbhán agus eisíonn siad ticéid de réir mar is gá. Is ionann na fíneálacha reatha agus:

€40.00 do pháirceáil mhídhleathach
€60.00 mura gcuireann tú do dhiosca mótarchánach reatha ar taispeáint
€80.00 má pháirceálann tú go neamhúdaraithe i spás páirceála do dhaoine faoi mhíchumas

Méadófar gach fíneáil 50% mura n-íocfar an fíneáil laistigh de 28 lá de dháta eisiúint na fíneála. Más rud é go bhfaigheann tú fíneáil, is féidir leat íoc ar líne le cárta creidmheasa nó léasair.

wai-aa Valid CSS! Valid XHTML 1.0 Transitional browsealoud_logo
Excellence through Accessibility Committed Award Privacy Logo Sitemap Logo Share/Bookmark
Add | Edit