Rialú Tógála

D'fhoirgneamh atá ann! Bíodh Sé i gCeart!

An bhfuil tú ag ceannach nó ag tógáil maoine nua nó ag déanamh athchóirithe ar cheann atá ann cheana?
An bhfuil tú ar an eolas faoi do chuid comaoin faoin Acht um Rialú Foirgníochta?

Rannóg Rialaithe Tógála.
Ceanncheathrú na Seirbhíse Dóiteáin agus Tarrthála,
Cill Rois,
Dún Garbhán,
Contae Phort Láirge.
Guthán: (058) 21146
Facs: (058) 44149

Roinntear na Rialacháin Tógála i dhá pháirt déag agus tá imlíne ghearr tugtha ar chúl an leathanaigh seo.
Chun níos mó eolais a fháil déan teagmháil leis an Oifig Rialú Tógála nó tabhair cuairt ar shuíomh idirlín an Roinn Comhshaoil.
www.environ.ie

Cén Chomhairle ar Féidir leat a Thabhairt dom?

Meabhraigh go luíonn freagracht um chomhlíonadh leatsa, le do dhearadh agus le foirne tógála.
Bíodh seiceáil déanta ar d’fhoirgneamh i rith na tógála, go háirithe ag cuir na bunsraithe, fo-urláir, obair bhloic, díonra agus ag na céimeanna deiridh.

  1. Tá dearthóir, tógálaí agus úinéir an fhoirgnimh freagrach as comhlíonadh le Riachtanais na Rialachán Tógála. Ní mór duit a chinntiú go seiceáiltear d’fhoirgneamh i gcomhair comhlíonta.
    Ní dhéanfaidh aon duine eile é sin duit.
  2. Fostaigh dearthóir cumasach agus maoirseoir cumasach le maoirseacht a dhéanamh ar an tógáil.
  3. Roimh aon oibreacha a thosú, ní mór fógra thosach feidhme a aighniú chuig an údarás rialaithe tógála idir 14 agus 28 lá roimh thosú.
  4. Ní foláir d’fhormhór foirgneamh (seachas tithe nua príobháideacha) deimhniú um shábháilteacht ó dhóiteán a bheith acu. Ní mór go dtabharfaí an cead seo sular féidir le hoibreacha tosú ar an suíomh.
wai-aa Valid CSS! Valid XHTML 1.0 Transitional browsealoud_logo
Excellence through Accessibility Committed Award Privacy Logo Sitemap Logo Share/Bookmark
Add | Edit