|
Contae Phort Láirge, Éire
|
||
| Tá tú anseo: Baile > Údaráis Áitiúla > Comhairle Baile Dhún Garbhán > Stair an Bhaile | ||
Stair an BhaileTweetStair an BhaileTá Dún Garbhán, ceanncheathrú riaracháin an chontae, suite ar Chuan Dhún Garbhán, áit a leathnaíonn an Choilligeán amach agus a dteánn sé isteach san fharraige. Is baile margaidh gnóthach é agus ionad iontach saoire arbh fhéidir a fhréamhacha a rianú siar sa stair go dtí an chlochaois. Tá taifead ann a chuireann in iúl gur lonnaigh treibh darb ainm na Déise sa tríú céad sa láithreán ar a sheasann Dún Garbhán anois. Glaoitear na Déise ar an gceantar go fóill. Tagann an t-ainm Dún Garbhán ó bhunaigh Naomh Garbhán mainistir sa seachtú céad. Tháinig an Prince John, arb Normannach é, anseo i 1185 agus thóg sé daingniú. Seasann roinnt iarsma de Chaisleán Dhún Garbhán in aice na habhann, a thóg seisean ó thús ach a rinneadh roinnt athchóirithe air ag tréimhsí éagsúla níos déanaí. I nDún na Mainistreach, taobh thoir an bhaile, tá iarsma deachaomhnaithe den phrióireacht Agaistíneach a bunaíodh sa tríú céad déag. Tá domhainiascaireacht agus iascaireacht chladaigh mhaith ar fáil i gceantar Dhún Garbhán agus tá báid iomlánchóirithe ar fáil. Is féidir leat bas, trosc, mangach, eascann choncair, fraoch, ronnach, siorc, pollóg agus go leor speiceas eile a ghabháil. Tá iascaireacht bhradán, bhreac agus garbhiascaireacht ar fáil in aice láithreach. Níl aon ghanntanas gníomhaíochtaí spóirt i nDún Garbhán idir marcaíocht ar chapall, gailf, leadóg, scuais, gailf dhá-mhaide, clár seoltóireachta agus luamhaireacht. Tá líon iomadúil tránna gainimh laistigh de gha 15 míle. Luaitear ach go háirithe Cluain Fhia, thart ar cheithre mhíle ó lár an bhaile. Is áit fhoirfe í don chlann leis an lá a chaitheamh i rith an tsamhraidh toisc a gaineamh bog ór. |
||
| Add | Edit|Direct Edit | ||