Comhairleoirí Baile

Comhairleoirí Baile

Bunaíodh Coimisinéirí Bhaile na Trá Móire faoin Acht Fheabhsúchán Bailte (Éire) 1854, Ordú (na Trá Móire) 1948, tar éis vóta dhaonlathaigh de chuid na gcónaitheoirí.

Reáchtáileadh cruinniú ar an 14 Eanáir 1948 de thoghthóirí rialtais áitiúil taobh istigh de theorainn bhaile na Trá Móire agus glacadh le rún go n-eagrófaí vótáil do 4 Márta 1948. Ar an lá sin vótáil tromlach na dtoghthóirí sa vótáil sin ar son an rúin go nglacfaí le, agus go gcuirfí i bhfeidhm, taobh istigh de bhaile na Trá Móire, forálacha an Acht Fheabhsúcháin Bailte 1854. Rinne an tAire Rialtais Áitiúil ordú ansin ar 1 Aibreán 1948 a chuir forálacha an Achta de 1854 i bhfeidhm maidir leis an mbaile ó 1 Nollaig 1948 amach.

Ba é ag an uair sin an t-aon údarás áitiúil dá shaghas a bunaíodh ó bhunú an Stáit.

Cuireadh an chéad toghchán ar siúl ar 6 Deireadh Fómhair 1948 ar scór Ordaithe (Toghcháin) Choimisinéirí Baile na Trá Móire 1948.

Ba é an tUas. Patrick E. Power an chéad Chathaoirleach. I 1955 cheannaigh an Coimisiún Teach na Trá Móire agus a thailte ar £3,500. Tá an Teach agus na Tailte léasaithe do Chomhairle Contae Phort Láirge faoi láthair. Tá an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta ag úsáid an Tí mar Oifig Deartha Bóithre Réigiúnacha agus cuireadh na gairdíní ar ais go dtí a n-iarghlóir.

wai-aa Valid CSS! Valid XHTML 1.0 Transitional browsealoud_logo
Excellence through Accessibility Committed Award Privacy Logo Sitemap Logo Share/Bookmark
Add | Edit